Tá an grúpa feachtais An Dream Dearg tar éis a thabhairt le fios do Nuacht TG4 go mbeidh siad ag eagrú Lá Dearg i mBéal Feirste mí na Bealtaine ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann.

Roghnaíodh dáta gan mhoill i ndiaidh Thoghcháin Stormont le súil go mbeadh tionchar aige ar na comhráití a leanfaidh an toghchán le Rialtas a bhunú.

Beidh toghchán Comhthionól Stormont ar siúl Déardaoin, an 5ú lá de Bhealtaine.

Ag tús na seachtaine, d'fhoilsigh nuachtán an Irish News litir oscailte chuig Rialtas na hÉireann, Rialtas na Breataine agus na páirtithe polaitiúla ar fad ó Thuaidh ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge sa Tuaisceart láithreach.

Dúradh sa litir nach dtig le rialtas, le hAire ná le páirtí polaitiúil ar bith ár bpobal a imeallú agus go bhfuil na laethanta thart ina chaithfear le cainteoirí Gaeilge mar shaoránaigh den dara grád.

Nuair a bhí Lá Dearg go deiridh ann, 5 bliana ó shin, ghlac os cionn 10,000 páirt ann agus tá súil go mbeidh tuilleadh fós i láthair, Dé Sathairn an 21ú lá de Bhealtaine 2022.