skip to main content

Ionadaithe gnó i nDoire ag moladh comhoibriú cánach do oibrithe trasteorann agus breis tacaíochta do ghnó agus fiontair nua.

Blaiseadh luath den díospóireacht réamhthoghcháin do thionól úr ag Stormont.
Blaiseadh luath den díospóireacht réamhthoghcháin do thionól úr ag Stormont.

I nDoire inniu dúirt ionadaithe gnó go bhfuil gá le comhoibriú cánach do oibrithe trasteorann, chomh maith le breis tacaíochta do ghnólachtaí agus do fhiontraithe nua, breis tithíochta agus treisiú ar fhorbairt chalafort iompair sa gcathair.

Sinn Féin, a d'eagraigh an chomhdháil phoiblí faoi fhorbairt eacnamaíochta san Iarthuaisceart.

Mhínigh iarrthóirí toghcháin an pháirtí i nDoire, agus urlabhraithe airgidis an pháirtí, a gcuid spriocanna eacnamaíochta don Iarthuaisceart ar maidin.

Dúirt uachtarán Chumann Tráchtála Dhoire, Aidan O Kane go bhfuil gá le comhoiriúnú cánach idir an dá thaobh den teorainn do dhaoine as Dún na nGall mar shampla atá ag obair i nDoire. D’fhreagair an páirtí go rachfar i ngleic leis an gceist sin sa mBille Airgeadais sa Dáil sa bhFómhar, agus i gcomhráití leis an Státchiste i Londain.

Fógraíodh go bhfuil tascfhórsa bunaithe ag Sinn Féin le go mbeidh sprioclíon 10,000 macléinn ag freastal ar Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire.

Tá soláthar ollscolaíochta i nDoire ina ábhar conspóide le blianta fada ach níor tugadh sonraí ar bith eile ar maidin.

Deir Propast Ollscoil Uladh Mhic Aoidh i nDoire, an Dr Malachy Ó Néill gur iontach an rud é go bhfuil béim ar dhul chun cinn na hollscoile sa gcathair.

"Baineann sé seo uilig leis an chur chuige "Ré Nua, Cur Chuige Nua agus tá dóchas agus tacaíocht ansin do chur chun cinn na hollscoile agus fáiltímid roimh sin. Tá cuid mhór oibre go fóill le déanamh agus cuid mhór ag tarlú ar an talamh.

"Tá obair mhór déanta maidir leis an scoil leighis, tá obair le déanamh lena thógáil agus cúrsa 4 bliana a dhéanamh ann, táimid ag obair ar aghaidh ar an mhargadh cathrach fosta. Tá roinnt tionscal ag baint leis sin fosta agus cuidíonn an tacaíocht leis an dul chun cinn sin."

Tugadh le fios nach bhfuil úsáid cheart á baint as Calafort Dhoire d’iompar lastais, go bhfuil moill sa gcóras pleanála ag cur cúl ar fhorbairt, agus nach leor an ciste tacaíochta do chomhlachtaí atá ag Invest Northern Ireland. Táthar le hathbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar fheidhmiú Invest NI a dúirt an tAire Conor Murphy.

Cheistigh ball tionóil as Caisleán na Deirge i gCo Thír Eoghain an mhoill fhada atá le bealach an A5 idir Doire agus Muineachán.

Dúirt Maoilíosa McHugh go bhfuil tógáil bhealach an A5 fíorthábhachtach le go bhfásfadh tionscail sa réigiún, - Doire, An Srath Bán, Caisleán na Deirge agus Leitir Ceanainn.