Gráinseach aráin na hEorpa a thugtar ar an tír, ach ceaptar go mbeidh na milliún acra talún in Úcráin i mbliana gan cur de bharr an chogaidh.

Tá an Rialtas sa tír ag impí ar fheirmeoirí i gceantair nach bhfuil chomh buailte ag an gcogaíocht breis barannaí a chur i mbliana leis an bpobal a choinneáil ina mbeatha.

I measc na ndaoine atá ag tabhairt áird ar an achainní sin, tá fear as Tiobraid Árann a bheidh ag feirmeoireacht in Iarthar Úcráin.

15 bliain ó shin a thug Jonathan Clibborn agus a theaghlach faoin bhfeirmeoireacht sa tír. Corcaíoch é Jonathan, Úcráineach í a bhean chéile Oksana, - an bheirt acu agus a dtriúr clainne ina gcónaí i dTiobrad Árann.

Jonathan agus Oksana Clibborn sa mbaile i dTiobrad Árann.

Tá 10,000 acra feirime acu in Úcráin ar a mbíonn arbhar á chur.

Tá Arm na tíre sin tar éis cuid den innealra a bhí aige ar an bhfeirm a thabhairt chun bealaigh mar chuid den fheachtas in aghaidh ionradh na Rúise.

Sciar den fheirm ollmhór atá ag muintir Oksana.

Mí ó shin rinne an Rúis ionsaí ón aer ar bhunáit mhíleata de chuid Úcráin, tuairim is 30 ciliméadar ón bhfeirm.

Ach anois agus cur an Earraigh ar leac an dorais tá Jonathan ag filleadh ar an tír agus rún aige an fheirm ar fad a chur faoi bharannaí as seo go ceann cúpla seachtaine.

De bharr an ghanntanas breosla tá curadóireacht beartaithe aige nach mbeidh chomh trom ar cheimiceáin, ar leasú ná ar bhreosla.

Deir Jonathan gur dóigh go mbeidh an tríú cuid de mhachairí feirime Úcráin a bheidh gan cur i mbliana.

"Fiú dá stopfadh an chogaíocht inniu, tá mianaigh sna goirt agus pleascáin agus go leor den treallamh feirme briste nó goidte", a dúirt sé.

"Mar nach mbeidh go leor den talamh á chur, go h-áirithe san Oirthear, tá dé de dhualgas ar fheirmeoirí an Iarthair breis barannaí a chur chun an daonra a chothú. Sin é an aidhm atá agamsa", arsa Jonathan.

Tá go leor de chalafoirt an Oirthir faoi smacht na Rúiseach, agus tá calafoirt fós á n-ionsaí, mar sin is beag onmhairiú ar bun faoi láthair ón Muir Dhubh.

Ach deir Jonathan go bhfuil súil aige nuair a bhíonn an fómhar le baint go mbeidh an tsíocháin i réim arís, deireadh leis an gcogaíocht agus tráchtearraí á seoladh thar sáile an athuair.

Beidh tuilleadh faoi Jonathan agus faoina theaghlach ag ár dtuairisceoir Tomás Ó Mainnín ar an gclár anocht, ar TG4 ag a 7.