Tuairiscítear go bhfuil ar a laghad 50 duine maraithe agus tuairim is 90 duine gortaithe de bharr ionsaí de chuid na Rúise ar thraein in Úcráin.
Tá cúigear páiste deirtear i measc na marbh.
Níl aon deimhniú neamhspleách go fóill ar an scéal.
Deir cuideachta iarnróid an Stáit gur scaoileadh 2 roiceád le traein in aice le stáisiún traenach Kramatorsk in Oirthear Úcráin.
Dúirt an Gobharnóir ar Donetsk, Pavlo Kyrylenko, go raibh na mílte sibhialtach sa stáisiún ag an am, daoine ag iarraidh teitheadh siar ón gcogaíocht.
Bhí 4,000 duine sa stáisiún a deir Méara Kramatorsk, mná agus páistí agus seandaoine den chuid is mó.
Deir an tUachtarán Zelenskiy nach raibh oiread is saighdiúir amháin de chuid Úcráin ar láthair an ionsuithe.
Tá Roinn Cosanta na Rúise tar éis séanadh gur ionsaigh siad an áit.
Tá 3 cinn de thraenacha lán le daoine atá ag iarraidh éalú sáinnithe sa limistéar ó déanadh an t-ionsaí ón aer a deir áisíneacht Reuters.