skip to main content

Dóthain lóistín do theifigh faoi Cháisc le dul go dtí an dóbair

Artur agus Dawid, cúpla sé bliana d'aois as Odesa san Úcráin, ag stáisiún traenach Przemysl sa Pholainn, 6 Aibreán 2022
Artur agus Dawid, cúpla sé bliana d'aois as Odesa san Úcráin, ag stáisiún traenach Przemysl sa Pholainn, 6 Aibreán 2022

Tuigtear do RTÉ go bhféadfaí lóistín a chur ar fáil do theifigh as an Úcráin sa tír seo i stórais earraí cheal lóistín is cóiriúla a bheith ar fáil faoi láthair.

Ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil aréir, dhearbhaigh an Taoiseach Micheál Martin go raibh 20,000 dídeanaí as an Úcráin tagtha go hÉirinn cheana féin ó rinne an Rúis ionradh ar an tír sin ar an 24 Feabhra.

Thart ar 900 Úcránach atá ag teacht chun na tíre seo gach lá agus, ar an táin sin, measann an Rialtas gur 30,000 a bheas á dtearmannú abhus anseo faoi Cháisc.

Thug an Taoiseach le fios go bhfuil imní air go mb'fhéidir nach mbeadh aon áit lena gcur faoin tráth sin.

Mar bharr ar an donas, tá roinnt daoine a gheall lóistín a chur ar fáil do na teifigh tar éis dul siar ar an ngealltanas.

Ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhine Gael aréir, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go bhfuil athchóiriú á dhéanamh faoi láthair ar Champa Rinn Mhic Ghormáin i gCo na Mí, Airéine Shráid an Mhuilinn i gCo Chorcaí agus Iarthar na Cathrach i mBaile Átha Cliath le súil go mbeidh spás ar fáil do theifigh sna hionaid sin faoi Cháisc.

Teifigh as an Úcráin ag caitheamh na haimsire i halla spóirt sa Pholainn

Tá Comhairle Dídeanaithe na hÉireann ag achainí ar an Rialtas lóistín díomhaoin in áiteanna éagsúla sa tír a chur ar fáil do theifigh.

I bpáipéar polasaí atá eisithe ag an gComhairle, moltar go hard carthanacht an phobail ach maítear go bhfuil mortabháil ar an Stát réiteach a bhfuil bonn seasta faoi a fháil ar an gceist.

Moltar sa pháipéar leas a bhaint ar an gcéad ásc as leithéidí tithe saoire agus aráis do mhic léinn atá díomhaoin.

Ina dhiaidh sin, a deirtear, d'fhéadfaí tithe comhroinnte a chur ar fáil, agus scéimeanna teaghlaigh agus pobail a bhunú.

Moltar freisin comhairle phroifisiúnta a chur ar dhaoine atá sásta lóistín a thabhairt do theifigh.

Ní bheadh sé ceart na cóir na daoine fiala sin a thugann a ndícheall cuidithe do dhaoine eile a fhágáil ar a gcomhairle féin, a deirtear.