Tá tacaíocht na hÉireann do mhuintir na hÚcráine ó rinne an Rúis ionradh ar an tír sin sé seachtaine ó shin molta go hard ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky in aitheasc a thug sé don Oireachtas ar nasc físe ar maidin.
Bhí idir Theachtaí Dála, Sheanadóirí agus thaidhleoirí eachtracha sa Dáil le fáiltiú roimh an Uachtarán Zelensky agus le cluas ghéar a thabhairt dá óráid stairiúil.
Dúirt sé cé gur tír neodrach í Éire nár fhan sí neodrach i bhfianaise na tubaiste agus na hanachaine atá agartha ag an Rúis ar an Úcráin.
Ón bhfíorthús, arsa Volodymyr Zelensky, tháinig Éire i gcabhair ar an Úcráin.
Ghabh sé buíochas le muintir na hÉireann as tacú le smachtbhannaí a chur ar an Rúis, as tacaíocht daonnachta agus airgeadais a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine, agus as tearmann a thabhairt do dhídeanaithe atá teite ón gcogaíocht.
D'achainigh sé ar Rialtas na hÉireann, áfach, cur ina luí ar bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh smachtbhannaí níos déine a chur ar an Rúis le go gcuirfí eang sa roth i "meaisín cogaidh na Rúise."
Tá sé buíoch, a dúirt sé, as an tacaíocht atá tugtha ag an Rialtas d'iarratas na hÚcráine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach.

Mhaígh an tUachtarán Zelensky ina óráid go bhfuil "armáil á baint ag na Rúisigh as an ocras" le muintir na hÚcráine a chloí.
Dúirt sé go bhfuil calafoirt agus iostaí bia agus breosla á scrios ag Arm na Rúise le gorta a tharraingt ar Úcránaigh.
Mheabhraigh sé don Oireachtas go mbeidh tíortha eile thíos leis mar gheall ar dhrochobair seo na Rúiseach ós táirgeoir agus onnmhaireoir mór bia í an Úcráin.
Corraíl pholaitiúil i dtíortha éagsúla agus níos mó teifeach an toradh a bheas ar an ngéarchéim bia atá á cruthú d'aon oghaim ag na Rúisigh, a dúirt Volodymyr Zelensky.
Tharraing sé aird ar an sléacht i mbaile Bucha agus ar chiapadh seasta mhuintir chathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine.
Solaoid í ar a n-ainriocht, a duirt sé, nach bhfuil aon sneachta i Mariupol níos mó lena leá i gcomhair uisce.
Tá a bhfuil fanta den chathair á thuairgneáil ag na Rúisigh i gcónaí ainneoin leircín a bheith déanta di le fada, ar sé.

Dhearbhaigh an tUacharán Zelensky chomh maiith gur maraíodh 167 leanbh, agus go ndearnadh damáiste do 927 institiúid oideachais agus 258 ospidéal ó thús an chogaidh.
Mar chríoch, dúirt sé go raibh caidreamh nua bunaithe idir Éire agus an Úcráin. "Tá mé buíoch d'Éirinn. Slava Ukraini! (Glóir don Úcráin!)" a dúirt sé.
Sheas an slua agus thug bualadh bos dó.
Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas do Volodymyr Zelensky as a aitheasc agus gheall sé go seasfadh Éire leis an Úcráin feasta choíche.