Dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh inniu go bhfuil dlíthe an Aontais maidir le sonraí teileafón póca a choimeád á sáru ag na húdaráis in Éirinn.
Is é Graham Dwyer a ciontaíodh in 2015 i ndúnmharú Elaine O'Hara in 2012 a thug an cás faoi gur baineadh leas as sonraí a theileafóin phócasa lena chiontú.
De réir dhlí na tíre seo, is féidir sonraí teileafóin phóca duine a choimeád ar feadh dhá bhliain.
Rialaigh an chúirt i Lucsamburg, áfach, nach bhfuil an reachtaíocht seo ag teacht le reachtaíocht an Aontais Eorpach agus gur amscaí an chaoi a gcoimeádtar agus a ndéantar rochtain ar mheiteashonraí teileafón póca in Éirinn.
Bhí súil leis an rialú seo ó chomhairligh dlíodóir sinsearach don chúirt i mí na Samhna seo caite nach bhfuil cead de réir dhlí an Aontais Eorpaigh sonraí teileafón póca a choimeád gan idirdhealú.
Cé gur rialaigh an chúirt inniu nach féidir sonraí a choimeád agus coireacht á fiosrú de réir gnás, dheimhnigh na breithiúna go bhfuil eisceachtaí ann agus go bhfuil cead sonraí a choimeád nuair atá slándáil náisiúnta ballstáit i mbaol, cuir i gcás.
Glactar leis go ndaingneofar rialú seo Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCúirt Uachtarach na hÉireann go luath.

Tá Graham Dwyer ag déanamh achomhairc in aghaidh a chiontaithe agus tuigtear cé go gcabhróidh rialú na cúirte i Lucsamburg lena chás nach gá go n-éireodh lena achomharc.
Is sa Chúirt Achomharc a éistfear a chás a bheas bunaithe cuid mhór ar inghlacthacht na fianaise ina aghaidh agus é ar a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil in 2015.
Rialaigh an Chúirt Uachtarach cheana gur féidir glacadh le fianaise áirithe, fiú má sháraíonn sé sin cearta an duine, fad is nach d'aon turas a sáraíodh iad.