skip to main content

An Príomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan ag éirí as a ról chun ról nua a thosnú i gColáiste na Tríonóide

An Príomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan ag éirí as
An Príomhoifigeach Leighis an Dochtúir Tony Holohan ag éirí as

Tá an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan ag éirí as a ról mar phríomhoifigeach leighis sa Roinn Sláinte chun tús a chur le ról nua mar Ollamh i gColáiste na Tríonóide.

Fógraíodh inniu go gcuirfidh an Dochtúir Tony Holohan tús le ról nua mar Ollamh le Straitéis Shláinte agus Ceannaireacht ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.

Tony Holohan

Ceapadh an Dochtúir Tony Holohan ina leas-phríomhoifigeach leighis i 2001 sara thosnaigh sé sa ról mar phríomhoifigeach leighis i Mí na Nollag 2008.

Bhain sé cáilíocht amach mar dhochtúir ag Ospidéal Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1991.

Le déanaí, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí a chuir comhairle ar an Rialtas maidir le paindéim Covid-19.

I ráiteas, dúirt an Dochtúir Tony Holohan gur pribhléid mhór a bhí ann do a bheith ina phríomhoifigeach leighis agus deis a bheith aige a bheith bainteach le habháir ríthábhachtacha maidir le sláinte mhuintir na hÉireann.

Ghabh sé buíochas le gach duine a bhí ag obair leis.

Ghabh an Taoiseach Micheál Martin buíochas le Tony Holohan as an obair iontach atá déanta aige le 20 bliain anuas.