Is í Ivana Bacik an ceannaire nua ar pháirtí an Lucht Oibre.
Tagann sí i gcomharbacht ar Alan Kelly a d'éirigh as an gcúram 3 seachtainí ó shin.
Ní raibh aon duine eile san iomaíocht don cheannasaíocht.
Teachta Dála i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas í Ivana Bacik a toghadh chun na Dála den chéad uair i bhfothoghchán anuraidh.
Dúirt sí níos túisce inniu go raibh sí ag súil go mór le dúshlán na ceannaireachta ar an bpáirtí.
Dúirt sí freisin go mbeadh sí ag moladh go láidir sa Dáil gur chóir an ráta pá don ghnáth-oibrí a ardú agus go gcuirfeadh sí brú ar an Rialtas mion-bhuiséad a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an mboilsciú atá sa tír faoi láthair.