Tá sé tugtha le fios ag Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go bhfuil cainteanna idir ionadaithe na hÚcráine agus na Rúise "achrannach" ach go bhfuil dul chun á dhéanamh.
In aitheasc físe a thug sé ar maidin, chuir an tUachtarán Zelensky in iúl go raibh sé dóchasach go mbeadh toradh ar na cainteanna in am trátha, dá dhéanaí é.
"Harmagadón" a thug sé aréir ar an bhfoghail atá na Rúisigh a dhéanamh ar chathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine.
Tá an chathair faoi dhianléigear ag fórsaí Rúiseacha le breis agus trí seachtaine agus an draoi daoine sáinnithe inti gan teacht acu ar riar a riachtanais.
Is cosúil go bhfuil seilbh gafa ag Arm na Rúise agus dílseoirí Rúiseacha de bhunadh na háite, go bhfuil seilbh gafa acu ar leath na cathrach faoi seo agus go bhfuil siad ag brú chun cinn diaidh ar ndiaidh.
Éadáil mhór chogaidh í Mariupol mar gur mol agus lúb sa slabhra í idir an Chrimé agus limistéir i réigiún Donbass atá ina seilbh ag fórsaí Rúiseacha cheana féin.

400,000 míle duine a bhí ina gcónaí i Mariupol roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin ar an 24 Feabhra.
Theith cuid acu in am agus tá an scor lighte le cuid eile ar bhonn daonnachta ó shin.
Tá roinnt acusan tugtha chun na Rúise ar bhusanna ag Arm na Rúise, áfach, agus tá sé á mhaíomh ag Rialtas na hÚcráine gur in aghaidh a dtola nó i ngan fhios dóibh a seoladh iad thar teorainn.
Ní ar Mariupol amháin atá slad á dhéanamh. Tuairiscítear go bhfuil géarchéim mhór daonnachta anois freisin i gcathair Kherson, calafort stratéiseach eile thart ar 400 ciliméadar siar ó Mariupol.
Meastar go gcuirfidh an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe tuilleadh smachtbhannaí ar na Rúisigh an tseachtain seo, feisirí parlaiminte an Dúma ina measc, le súil cur faoi deara dóibh imeacht as an Úcráin.