skip to main content

Zelensky ag achainí ar Putin teacht chun cainte leis

An saol ina smidiríní i gCív
An saol ina smidiríní i gCív

Dúirt Uachtarán na hUcráine Volodymr Zelensky go mbeadh sé sásta gach uile cheist a phlé agus dul chun socraithe le hUachtarán na Rúise Vladimir Putin le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin ach cruinniú aghaidh ar aghaidh a bheith ag an mbeirt acu.

Thug an tUachtarán Zelensky le fios dá ndéanfadh an bheirt cheannairí suíochán ar an gcogadh go mbeadh sé féin sásta ceann de na mórúdair imris idir an dá thír a chaibidil, mar atá, stádas agus dán na Crimé agus Donbass.

Go hoifigiúil, is cuid den Úcráin an dá réigiún sin ach tá an Chrimé ina seilbh ag na Rúisigh agus Donbass faoi riail dhílseoirí Rúiseacha le hocht mbliana.

Ní réiteofaí gach aon cheist i gcruinniú ach b'fhearr aon saghas síochána ná a bheith gan síocháin ar bith, a dúirt Volodymr Zelensky.

Volodymr Zelensky

Dúirt sé tar éis go gcreideann sé go gcaithfí an Chrimé agus Donbass a thabhairt ar ais don Úcráin mar chuid d'aon socrú buan go bhféadfaí reifreann náisiúnta a reáchtáil ar an gceist.

Tuigeann muintir na hÚcráine go rímhaith, ar sé, nach bhféadfaidh an tír a bheith ina ball d'Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) ach, os a choinne sin, nach bhféadfaidh siad a gcuid cathracha agus bailte móra a thabhairt ar láimh do na Rúisigh.

B'fhusa le hÚcránaigh glacadh le scrios a dtíre ná le riail na Rúiseach, a dúirt sé.

D'achainigh Zelensky chomh maith ar Rialtas na Síne an cúram a ghabháil orthu féin agus páirt a ghlacadh in iarrachtaí deireadh a chur leis an gcogadh.

Idir dhá linn, ámh, níl aon stad ná cosúlacht stad leis an gcogaíocht agus tá cuirfiú curtha i gcion i bpríomhchathair na hÚcráine, Cív, i bhfianaise an ionsaí airtiléire a rinne Arm na Rúise ar cheantar cónaithe agus siopadóireachta ansin.

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden go bhfuil Vladimir Putin ag cuimhneamh ar airm cheimiceacha agus bhitheolaíocha a chur ag obair i gcoinne mhuintir na hÚcráine.

Tá sé á mhaíomh ag na Rúisigh iad féin go bhfuil airm cheimiceacha ag na hÚcránaigh agus dar le Joe Biden go bhfuil sé ar intinn ag Putin armáil a bhaint as an údramáil seo le lasóg eile fós a chur sa bharrach.

Teifigh as Mariupol i Rostov sa Rúis

Ní thuairiscítear aon fheabhas a bheith tagtha ar chruachás mhuintir Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine, mar a bhfuil thart ar 350,000 duine faoi léigear ag Arm na Rúise.

Dar le comhairle na cathrach, nach bhfuil inti ach a scáil faoi seo de réir dealraimh, gur maraíodh 2,000 duine san áit ó thús an imshuí.

Coir chogaidh ollmhór atá tugtha ar an mbrúidiúlacht i Mariupol ag ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh Josep Borrell.

Tráthnóna, dúirt an tUachtarán Zelensky nach bhfuil foithnín den chathair gan scrios tar éis na tuairgneála is deireanaí.