Tuairiscítear go bhfuil an Úcráin agus an Rúis tagtha ar chomhaontú faoi shos comhraic le faill a thabhairt do shibhialtaigh éalú ón gcogaíocht san Úcráin.
Thug urlabhraí Rialtas na hÚcráine le fios gur gheall na Rúisigh sos comhraic a chur i gcion i sé cinn de limistéir idir 9 a chlog ar maidin inniu agus 9 a chlog anocht, am na hÚcráine.
Dhearbhaigh urlabhraí Rialtas na Rúise chomh maith go mbeadh saighdiúirí Rúiseacha ar áis idir na hamanna sin le caoi a thabhairt do dhaoine téarnamh slán as áiteanna atá faoi léigear acu.
Is cosúil gur limistéir i ndeisceart agus in oirthuaisceart na hÚcráine, agus i ndáil leis an bpríomhchathair Cív atá i dtreis.
Ní léir fós cén ceann scríbe a bheadh ag na teifigh, áfach.
Roimhe seo, thug na Rúisigh le fios go gcaithfeadh na dídeanaithe dul trí ghuais agus ghéibheann agus a n-aighthe a thabhairt ar an Rúis agus ar an mBealarúis ach ní fios an bhfuil siad teann air seo i gcónaí.
Chuir na hÚcránaigh go láidir in aghaidh an éilimh seo, ámh, de bhrí nach mbeadh ann ach amach as na muineacha agus isteach sna driseacha.
Le linn ama, thug thart ar 5,000 duine na cosa leo ó chathair Sumy in oirthuaisceart na hÚcráine agus ghluais siad siar ó dheas faoi dhéin cheantar abhantraí na Dnípire.
Is orthu a bhí an t-ádh ó tuairiscítear gur maraíodh 22 sibhialtach nuair a scaoil fórsaí Rúiseacha airtléire throm le ceantar cónaithe i Sumy aréir.
Tá sé curtha i leith na Rúiseach freisin gur scaoil siad roicéid le bealach éalaithe as cathair Mariupol in oirdheisceart na hÚcráine.
Deir Cumann na Croise Deirge nach bhfuil foithnín sa chathair nár scriosadh le seachtain agus nach bhfuil riar a gcás ag an bpobal ansin.
Deir siad go bhfuil sé ag dul rite le lucht carthanachta soláthairtí bia agus uisce a thabhairt chomh fada le Mariupol de bharr í a bheith faoi dhianléigear ag na Rúisigh.
Go deimhin, mar chuid de na hiarrachtaí teacht roimh an ngorta, d'ordaigh Rialtas na hUcráine cosc a chur ar easpórtáil barra agus táirgí eile cothaithe as seo go deireadh na bliana, mar atá, seagal, eorna, ruán, muiléad, siúcra, salann agus feoil.
Ina cheann sin, ag cruinniú níos deireanaí inniu, tuigtear go bhfuil an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta le maoiniú éigeandála $1.4 billiún a lamháil don Úcráin.
Is rífhollas ollmhéid an ghá ó tá sé tugtha le fios ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil idir 2.1 agus 2.2 milliún duine teite roimh an gcogaíocht san Úcráin le beagnach coicís.