Tá aitheantas oifigiúil le tabhairt do bheirt bhan as an tacaíocht a thug siad do mhná i Neachtlann Mhaigdiléana i nGaillimh.
Bronnfar Saoirse na Cathrach ar an mbeirt - Patricia Burke Brogan agus Ena McEntee - tar éis do chomhairleoirí glacadh le rún a mhol an Méara Colette Connolly.
Tá Patricia Burke Brogan thart ar 90 bliain d'aois anois ach cailleadh Ena McEntee i 1986.
Dúirt Colette Connolly gur chuidigh an bheirt bhan go mór le mná a bhíodh ag obair sa neachtlann ar Shráid Forster agus go raibh daor orthu dá bharr ag an am.
Nóibhíseach in Ord Shiúracha na Trócaire ab ea Patricia Burke Brogan nuair a dúirt sí go raibh an neachtlann cosúil le hifreann mar a chuir Dante síos air.
Ar fhágáil an oird di, tharraingíodh sí aird go minic ina cuid scríbhinní ar an saol crua a bhí ag mná sa neachtlann i nGaillimh. Tá an dráma Eclipsed bunaithe ar a bhfaca sí ann nuair a bhí sí ina nóibhíseach.
I gcomhar lena fear céile agus a clann, chabhraigh Ena McEntee le roinnt ban éalú as an Neachtlann Mhaigdiléana ar Shráid Forster, mar a raibh sí ag obair, agus d'íoc siad a bpaisinéireacht go Sasana.
Briseadh as a post í nuair a fuair na mná rialta amach faoin obair fholaitheach a bhí ar bun aici.
Dúirt an Méara Connolly go bhfuil an gradam cathrach á bhronnadh ar an dís bhan as ucht a gcrógachta, a ndúthrachta agus a mbunionracais dhaonna.