skip to main content

"Taca misnigh" atá i dtuairisc nua faoi thithe míoca

Tuairisc nua faoi thithe a tógadh le míoca
Tuairisc nua faoi thithe a tógadh le míoca

Tá fáilte curtha ag Grúpa Gnímh Míoca i nDún na nGall roimh na moltaí atá déanta ag Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann maidir le costais d'úinéirí tithe.

Sna costais mheasta a foilsíodh inniu, bheadh idir €150,000 de dhíth le teach dhá sheomra leapa a athchóiriú agus níos mó ná €420,000 do theach cúig sheomra leapa.

Ní hé sin ar fad é, arae measann na Suirbhéirí Cairte go gcosnódh sé níos mó ná €149,000 teach dhá sheomra leapa a atógáil agus €421,000 do theach cúig sheomra leapa.

De réir an mhéadair chearnaigh, sin €1,701 don teach is lú agus €1,561 don teach is mó.

Chuir na Suirbhéirí Cairte an tuairisc neamhspleách i dtoll a chéile saor in aisce ar son an leasa phoiblí, mar a dúirt siad.

Dúirt an Grúpa Gnímh gur féidir dul chun cinn a dhéanamh de réir na bhfigiúirí seo ach, ar a shon sin, go mbaineann siad le hathchóiriú agus atógáil bhunúsach.

Níl dúshraith tí ná tithe le rátáil fuinnimh A/NZEB - an rátáil is airde - san áireamh. Níl brait urláir, cuirtíní, troscán, feistis leictreacha, garáistí, ballaí imeall ná lánaí curtha san áireamh ach an oiread.

Tá an tuairisc bunaithe ar an scéim chúitimh d'úinéirí tithe a tógadh le míoca a d'fhógair an Rialtas i mí na Samhna seo caite. Ina dhiaidh sin, tá na costais bunaithe ar chostais reatha tógála san iarthuaisceart.

Deir na Suirbhéirí Cairte go bhfuil súil acu go gcuideoidh an tuairisc leis an Rialtas agus le húinéirí tithe míoca araon teacht ar réiteach sásúil.

Tógadh idir 4,000 agus 5,000 teach i nDún na nGall le brící a bhfuil an mianra míoca iontu. Tá daoine i Maigh Eo, i gCo an Chláir agus i Luimneach thíos leis chomh maith.

Tugann na brící seo uathu agus tagann scoilteacha móra i mballaí dá bhíthin.

Dúirt Neasa Healy, ar tógadh a teach cónaithe i mBun Cranncha le míoca, go bhfuil sí níos dóchasaí anois i bhfianaise thuairisc na Suirbhéirí Cairte:

"Ar an chéad fhéachaint, tá an chuma ar an scéal go bhfuil rudaí níos dearfaí ná mar a bhí.

Tá muid traochta ag troid. Ní dóigh liom go gclúdóidh seo na costais uilig, ach is léir go bhfuil cuid mhaith oibre déanta ag na hinnealtóirí agus ag an ghrúpa oibre.

An mhoilleadóireacht anois - sin ceist eile, ach b'fhéidir gur fearr mall ná a choíche."