skip to main content

Daonáireamh 2022: "An bhfuil Gaeilge labhartha agat?"

Daonáireamh 2022 seolta ag an Taoiseach
Daonáireamh 2022 seolta ag an Taoiseach

Oíche Dé Domhnaigh 3 Aibreán a dhéanfar Daonáireamh 2022. Bhí an daonáireamh le déanamh anuraidh ach cuireadh ar athló é mar gheall ar an bpaindéim Covid-19.

De réir an dlí, caithfear sonraí gach aon duine atá sa Stát oíche an 3 Aibreán a thaifeadadh ar an bhfoirm dhaonáirimh.

Agus an daonáireamh á sheoladh aige inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur cuntas cuimisitheach faoi leith ar dhaonra an Stáit atá ann.

Ní áireamh amháin atá i gceist, arsa an Taoiseach. Tá faisnéis rítábhachtach ann a bhféadfar seirbhísí poiblí a bheartú dá réir, a dúirt sé.

Taifead luachmhar stairiúil atá ann freisin, ar sé, a bhféadfaidh na glúine atá le teacht leas a bhaint as.

Baineann Ceist 13 leis an nGaeilge.

"An bhfuil Gaeilge labhartha agat?" a fhiafraítear. Má tá, fiafraítear an labhraíonn tú í go laethúil sa chóras oideachais; go laethúil lasmuigh den chóras oideachais; go seachtainiúil; ní chomh minic sin; nó ní labhraím riamh í.

Deir an Phríomh-Oifig Staidrimh go gcabhróidh na freagraí ar an gceist seo leo "a thaispeáint cé mhéid duine ar féidir leo an Ghaeilge a labhairt, anuas ar cén áit, cé chomh minic agus a fheabhas a labhraíonn siad í."

I gCeist 14, fíafraítear "an labhraíonn tú teanga seachas an Béarla nó an Ghaeilge sa bhaile?"

Tá ceisteanna nua sa daonáireamh a bhaineann le foinsí fuinnimh in-athnuaite; cúram leanaí; aláraim dheataigh; caitheamh tobac; obair ón mbaile; obair dheonach; fáil ar an idirlíon; agus comaitéireacht.

Den chéad uair chomh maith, beidh spás bán ar an bhfoirm le gur féidir le daoine teachtaireacht phearsanta faoi rún a bhreacadh síos, más mian leo, nach bhfeicfidh aon duine arís go ceann 100 bliain.

Cuirfidh na háiritheoirí na foirmeacha ar fáil don phobal ó inniu ach ní bheidh foirm ag gach uile dhuine go ceann roinnt seachtainí fós.