Tá sean-léarscáil fíorluachmhar den mBlascaod Mór tagtha chun solais sa bhFrainc. Meastar gur iascairí Francacha a dhein an léarscáil ag tús an 17ú céad déag.
Deir staraithe gur seoid atá sa léarscáil ina bhfuil teacht ar an íomhá is luaithe dá bhfuil ann de bhaile an Bhlascaoid.
An bhliain 1617 atá luaite leis an léarscáil agus i measc nithe eile atá breactha uirthi tá baile an Daingin, nó "Boylle Village" mar a thugtar air ar an léarscáil, ar léiriú é ar stádas Iarla Chorcaí sa cheantar ag an am.
Tá "Chateau Sibel" - nó Caisleán an Fheirtéaraigh - a leag fórsaí Chromail i 1653 le feiscint ar an mapa chomh maith. Tá go leor bád deartha air leis, idir árthaí cogaidh agus báid iascaigh.

Le seans a bhuail léarscáil an Bhlascaoid leis an seandálaí Colm Moriarty ó Loch Garman. Bhí sa tóir ar léarscáil a bhain lena chontae féin i gcartlann Bibliothèque nationale de France nuair a thóg sé ceann do.
Meastar gur iascairí Francacha a bhí taithíoch ar Chorca Dhuibhne a dhein an léarscáil. Tá cuntas cuimsitheach scríte ar an léarscáil i bhFraincís a chuireann síos ar an saibhreas éisc - bradáin agus piardóga, mar shampla - a bhí ag mealladh na n-iascairí Francacha go dtí na farraigí mórthimpeall na mBlascaod.
Deirtear sa chuntas go raibh íocaíocht mhaith le fáil ag muintir na háite a bhíodh fostaithe mar phíolótaí ag na Francaigh chun go seachnóidís carraigeacha agus fochaisí dainséaracha.
Deirtear chomh maith go raibh iasc á dhíol "ina thonnaí" ag na Francaigh i gCorcaigh, i gCionn tSáile agus i Luimneach.
"Bourg de Blaskes" a tugtar ar bhaile an Bhlascaoid ar an léarscáil agus deirtear gurb ann "atá cónaí ar iascairí."

Deir an staraí Micheál de Mórdha gur seoid í an léarscáil "a chuireann go mór lénár dtuiscint ar stair na lonnaíochta ar an mBlascaod."
Deir an Mórdhach go bhfuil foirgneamh le fesicint ann atá ar chuma túir nó caisleáin agus go bhfuil san ag teacht leis an mbéaloideas go raibh caisleán ag Piaras Feirtéar ar an mBlascaod.
Dar leis an Dr Conor Brosnan ó Chumann Staire an Daingin go dtugann an léarscáil éachtaint iontach dúinn ar an ndlúthchaidreamh a bhí ag iascairí na Fraince le ceantar Chorca Dhuibhne ag tús an 17ú haois agus gur foinse fíorluachmhar í ó thaobh stair mhuirí na hÉireann de.