Tá cuid de mhuintir na Nua-Shéalainne a bhí sáinnithe thar sáile mar gheall ar phaindéim Covid-19 i ndiaidh filleadh abhaile agus roinnt do na srianta déine a bhí i bhfeidhm ag teorainn na tíre anois maolaithe.
Ag aerfort Auckland, chuir daoine fáilte mhór abhaile roimh daoine muinteartha leo, an chéad uair le nach mór dhá bhliain go raibh cead isteach sa tír acu gan coraintín éigeantach ostáin a dhéanamh.

Dúirt príomh-aire na tíre Jacinda Ardern gur cúis cheiliúrtha a bhí sna hathruithe go háirithe do na mílte de lucht na Nua-Shéalainne a bhí sáinnithe thar sáile agus a bhí ag iarraidh taisteal abhaile.

Dúirt sí gur cloch mhíle ollmhór a bhí ann do earnáil turasóireachta na tíre agus do gheilleagar réigiúnach.
Go dtí seo, bhí ar dhaoine a bhí ag teacht isteach sa tír 10 lá a chaitheamh ag féin-aonrú in ostáin.
Tá deireadh leis an riachtanas sin do mhuintir na Nua-Shéalainne atá ag teacht ón Astráil ó lá inniu agus síneofar é sin amach do gach easaoránach ó Dé hAoine.
Dúirt an príomh-aire go raibh sé i gceist ag an Rialtas dlús a chur faoi athoscailt na teorann céim ar chéim, do gach duine ó gach tír ar fud an domhain ach nach bhfuil aon chlár ama leagtha amach chuige sin fós.