Tá fórsaí na Rúise ag brú chun cinn anocht théis dóibh mór-ionradh a dhéanamh ar Úcráin moch maidin Déardaoin. Le breacadh an lae a d'ordaidh an tUachtarán Vladimir Putin oll-ionsaí ar an náisiún cois teorann atá théis scéin a chur ar phobal na tíre sin agus ar oirthear na hEorpa i gcoitinne.
Tá an phríomchathair Kyiv agus gach baile mór eile in Úcráin faoi ionsaí ón aer. Deir an Roinn Gnóthaí Baile go bhfuil an tír faoi léigear ag diúracáin cúrsála agus diúracáin balaistíocha. Táthar ag díriú go speisialta ó mhaidin ar ionaid airm agus ar mhór-bhonneagar eile in aice le cathracha Kyiv, Kharkiv, Mariupol agus Dnipro. Facthas tine agus deatach agus pléascadh ag ceanncheathrú éagsúla airm agus ollstórais airm, go háirid in oirthear Úcráin.

Tháinig fórsaí i mbun ruathair ar muir, aeir agus tír, as Bealarúis ó thuaidh, as an gCrimé agus an Mhuir Dhubh agus Muir Azov ó dheas, agus anoir as an Rúis í féin.
Faoin iarnóin bhí Moscó ag maíomh go raibh córas cosanta aeir agus bunáiteanna aeir Úcráin "curtha ó mhaith". Deir siad go bhfuil 74 ionad airm scriosta acu, 11 aerpháirc, 3 phost ceannais agus 18 stáisiún radar a bhíonn ag teastáil ón gcóras cosanta diúracán.

Tá cuntas ag Úcráin ar 203 ionsaí éagsúla ó thosaigh an t-ionradh. Tá siad á gcosaint féin a deir siad, ag seasamh an fhóid in aghaidh lucht an ionsaithe.
Tá na scórtha sibhialtach maraithe adeir údaráis. Maraíodh 18 a deir siad in ionsaí diúracán i gceantar Odessa ó dheas. Maraíodh 6 i mbaile Brovary gar de Kyiv.
Deir siad gur maraíodh 4 agus gur gortaíodh 10 in ionsaí sliogán ar ospidéal i gcathair Vuhledar i Donetsk.

Tá dlí airm fógartha ag an Uachtarán Volodymyr Zelenskiy. D’ímpigh sé ar gach duine sa tír a bhí in ann cuidiú leis an gcosaint a theacht chun cinn. Beidh gunna ar fáil a deir sé do dhuine ar bith atá á iarraidh.

Dúirt an tUachtarán freisin go raibh saighdiúirí na tíre ar a mbionda ag iarraidh seasamh sa mbearna bhaol in aghaidh bhuíon saighdiúirí Rúiseach atá ag iarraidh seilbh a ghlacadh ar an stáisiún núicléach a bhíodh ag feidhmiú i Chernobyl.
Tá baile Mariupol, in oirdheisceart na tíre, beagnach faoi cheannas na Rúise faoin tráth seo, agus an t-ionróir le díriú go luath creidtear ar Kharkiv, 20 míle níos faide siar ón teorainn.
Tá cuid mhaith daoine i Kyiv théis teitheadh cheana féin ar fuireach calaidh ag lorg tearmainn ó na buamaí faoi thalamh.

Tá bonnáin aer-ruathair ag fógairt ó ard tráthnóna ann, daoine gaibhte i bhfolach i staisiún metro, radharcanna nár facthas ó ionradh na Nazíoch in 1941.
Creideann saineolaithe airm gurbh é aidhm Putin Kyiv a ghabháil, nó ar a laghad an chathair a chiorcalú agus a aonarú. Más fíor tuairiscí sna meáin sa Rúis tá saighdiúirí aerbheirthe théis seilbh a fháil ar aerfort airm i Boryspil gar de Kyiv.
Tá púir deataí os cionn mór-aerpháirceanna i Kharkiv agus i gcathracha eile in oirthear Úcráin. Ach caitheadh diúracáin freisin le ionaid aeir i Kherson agus chomh fada siar le Ivano-Frankivsk, nach bhfuil ró-fhada ón teorainn leis an bPolainn.

Cé gur oll-ionradh atá ar bun, ní hé an chéad uair é ag Moscó ruathar a thabhairt faoi Úcráin ó d’éirigh leis an tír neamhspleáchas a bhaint amach ó Aontas na Sóivéide in 1991. In 2014 d’ordaigh Putin saighdiúrí faoi cheilt isteach sa gCrimé agus ghabh an Rúis seilbh ar an réigiún iomlán, - Cúige de chuid Úcráin ag an am, - tamall gearr ina dhiaidh sin.
Sular thosaigh ionsaí na maidine, agus ó shin, tá ionsaí ollmhór leanúnach cíber ar siúl, ag ionsaí córais ríomhaireachta Ranna Rialtais agus bancanna in Úcráin, - seift chogaíochta le scanradh agus easpa misní a spreagadh.

Meastar gur tuairim is 190,000 saighdiúr atá seolta siar i dtreo Úcráin le cúpla seachtain anuas ag Putin, fad is a bhí taidhleoireacht ar bun ag Cumhachtaí Móra an Iarthair idir Kyiv agus Moscó.
Ar fud an domhain tá agóidí agus slógaidh eagraithe le muintearas a léiriú leis an bpobal faoi léigear. Chuaigh riar beag daoine i Moscó i mbun léirsíthe freisin, ach ghabh na póilíní gan mórán moille iad.

Tá stocmhargaí go domhanda théis stangadh a fháil ó mhaidin. Tá luach rouble na Rúise lagtha níos ísle ná bhí ó 2016. Dúnadh ar fad stocmhalartán Mhoscó. Tá praghas ola os cionn $100 an bairille an chéad uair le 8 mbliana.

Agus níl an oll-teitheadh teifeach as Úcráin siar i dtreo na Polainne agus na Gearmáine ach ina thús anocht.
Tá Meiriceá agus Cumhachtaí eile le smachtbhannaí "diana" a deir siad a chuir ar an Rúis. Tá miosúir airgeadais ag Washington agus ag córas baincéireachta na hEorpa a d’fhéadfadh brú a chur ar Putin. Tá srianta ar ealmhuiriú agus onnmhuiriú earraí agus seirbhísí as agus chun na Rúise fógartha le achar gearr anuas ag Joe Biden sa Teach Bán. Tá smachtbhannaí á gcur i bhfeidhm ar chuntais cuideachtaí ollmhóra agus ar bhancanna iomlána de chuid na Rúise.Tá na pionóis atá ar fáil dóibh pléite ag an Uachtarán a deir sé lena chomh-cheannairí san G a 7.
Oibreoidh na beartais sin a dúirt an tUachtarán ach ní tharloidh sé láithreach.
Ní bheidh fórsaí na Stát Aontaithe a dúirt Biden ag troid in Úcráin mar nach tír i gcomhghuaillíocht NATO í. Ach tá sé le saighdiúirí a chur thar sáile a dúirt sé chuig tíortha de chuid NATO in oirthear na hEorpa.

Idir an dá línn anocht, tá cuirtín iarainn le cloisteáil ag titim an athuair in Oirthear na hEorpa a deir an tUachtarán Zelenskiy.