· D'ionsaigh fórsaí na Rúise Úcráin ar maidin ar aer, muir agus tír, - an t-ionsaí is mó ag stát amháin ar stát eile san Eoraip ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda
· Tháinig colúin fhada saighdiúirí trasna na teorann, anoir as an Rúis agus aduaidh as Bealarúis. Cuireadh mórchuid i dtír ó dheas freisin as an gCrimé, ar Muir Azov agus an Mhuir Dhubh
· Caitheadh go dtí seo tuairim is 80 diúracán agus roicéad Grad le cathracha go leor: Odessa, Mariupol, Kherson, Zaporizhzhia agus Dnipro i ndeisceart Úcráin; Kramatorsk agus Kharkiv sa taobh thoir; Chernihiv agus sa bpríomhchathair Kyiv, - áit a bhfuil cónaí ar 3 mhilliún, - ó thuadh; agus siar chomh fada le Lutsk agus Ivano Frankivsk
· D’ionsaigh ingearáin Mi-8 agus Ka-52, a bhí tagtha as Bealarúis, aerfort airm i Gostomel, in aice le Kyiv. Leag fórsaí Úcráin 3 cinn acu go talamh
· Tá na scórtha maraithe de réir dealraimh ach níl aon deimhniú neamhspleách ar líon na ndaoine atá théis bháis ná atá gortaithe. Tuairiscítear go bhfuil sibhialtaigh maraithe cois teorann
· Deir Arm Úcráin gur chuir siad 4 tanc de chuid na Rúise ó mhaith ar an mbóthar go Kharkiv; gur mharaigh siad 50 saighdiúr de chuid na Rúise i Réigiún Luhansk; agus gur leag siad 6 eitleán cogaidh as an spéir in oirthear na tíre
· Tá an méid sin séanta ag Arm na Rúise. Deir lucht armtha báúil leis an Rúis gur leag siad 2 eitleán cogaidh de chuid Úcráin i Dombas