Pléifidh ceannairí an Aontais Eorpaigh céard is fearr a dhéanamh anois i bhfianaise an aitheantais oifigiúil atá bronnta ag an Rúis ar 2 réigiún corraithe in Oirthear Úcráin ag cruinniú éigeandála mullaigh amárach.
Tá an AE théis riar teoranta smachtbhannaí in aghaidh na Rúise a fhógairt tráthnóna.
D'fhógair an tUachtarán Putin arú inné go raibh aitheantas sa dlí anois cinntithe aige do neamhspleáchas 2 cheantar, Donetsk agus Luhansk, i gCúige Dombass atá ar chiumhais na teorann leis an Rúis.
Tá saighdiúirí seolta go Dombass ag Putin, ag cur go mór leis an imní gur cogadh an deireadh a bheidh leis.
Faoi smachtbannaí an lae inniu ón AE, tá pearsain eile de chuid na Rúise, - comhaltaí Paraliminte a chaith vóta ar son an aitheantais a bhronnadh ar na ceantair san aighneas, - curtha ar an liosta dubh acu, agus tá srian curtha ar an tráchtáil idir an AE agus an 2 cheantar atá ag tarraingt an oiread aighnis.
Tá staid éigeandála a mhairfidh 30 lá fógartha ag Úcráin. Tá siad théis a rá lena gcuid saoránach atá ag cur futhu sa Rúis an tír sin a fhágáil. Tá Moscó ag tarraingt amach as an ambasáid atá acu sa bpríomhchathair Kyiv.
Tá ionsaithe sliogán ar bun ag fórsaí na Rúise le roinnt laethanta agus saighdiúirí sna mílte brúite chun cinn acu, ach ní léir céard atá beartaithe anois ag Vladimir Putin.