skip to main content

An Rúis ullamh le hionradh iomlán a dhéanamh a deir NATO

An Rúis ullamh le hionradh iomlán a dhéanamh a deir NATO
An Rúis ullamh le hionradh iomlán a dhéanamh a deir NATO

Tá ordú tugtha ag Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin go gcuirfí saighdiúirí de chuid na Rúise chomh fada le dhá cheantar easaontacha in oirthear na hÚcráine i ndiaidh don Uachtarán an dá cheantar atá faoi smacht na Rúise a aithint aréir.

Tá an ghéarchéim atá ann anois ag géarú agus imní ag méadú chomh maith go bhféadfadh cogadh ollmhór a bheith ar na bacáin.

Inniu d'aontaigh an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe smachtbhannaí úra a chur i bhfeidhm ar an Rúis agus an dlí idirnáisiúnta sáraithe ag an Rúis a deir siad.

Tá cáineadh idirnáisiúnta déanta ar an méid atá déanta ag Putin agus easpa dóchais anois ann go mbeifear in ann teacht ar réiteach taidhleoireachta ar an ngéarchéim.

Deir an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gur ráiméis atá ann go bhfuil fórsaí coiméadta síochána seolta ag an Rúis chun na hÚcráine. Dúirt sé gurb í an cheist mhór anois í don Eoraip ná cé chomh dian is a bheidh sí maidir le smachtbhannaí éagsúla a chur i bhfeidhm ar an Rúis agus an dlí idirnáisiúnta sáraithe go soiléir aici.

Bhuail an Taoiseach Micheál Martin le Sainsailéir na Gearmáine, Olaf Scholz i mBeirlín tráthnóna inniu.

Tá sé ráite ag Uachtarán na Rúise Vladimir Putin nach bhfuil feidhm a thuilleadh le Comhaontaithe Síochána Minsk a aontaíodh in iarracht an teannas idir easaontóirí i bhfábhar na Rúise in Oirthear na hÚcráine agus an Rialtas a mhaolú.

Idir an dá linn deir Ard Rúnaí NATO Jens Stoltenberg go bhfuil sé i gceist ag an Rúis ionradh iomlán a dhéanamh ar an Úcráin.