skip to main content

Bliain príosúin agus bliain ar fionraí gearrtha ar iar-chinnire gasóga a rinne ionsaí mí-gheanasach ar bhuachaill a bhí 13.

Michael Noel Sheehan, 76, a ciontaíodh os comhair giúiré sa gcúirt i gCorcaigh.
Michael Noel Sheehan, 76, a ciontaíodh os comhair giúiré sa gcúirt i gCorcaigh.

Tá 2 bhliain sa bpríosún, ach bliain amháin ar fionraí, gearrtha ar iar-chinnire gasóga, a ciontaíodh in ionsaí mí-gheanasach a dhéanamh ar bhuachaill 13 bliain d'aois beagnach dhá scór bliain ó shin.

76 atá Michael Noel Sheehan, as Gleann an Phréacháin i gCo Chorcaí. Phléadáil sé neamhchiontach agus dúirt sé gur "cineál fabhalscéalaí" a bhí sa té a rinne an gearán leis na Gardaí.

Chiontaigh an giúiré d’aon ghuth é.

Dúirt an Breitheamh Helen Boyle agus í ag gearradh pionóis inniu air sa gCúirt Choiriúil Chuarda i gCorcaigh gur ionsaí tromchúiseach a bhí ann agus sárú uafásach ar an muinín a bhí curtha ann ag tuismitheoirí agus ag gasúir bheaga.

Mhol an Breitheamh an fear a d’fhulaing, - atá anois 48, - as a chuid misnigh agus teacht-aniar.

Rinne an fear an gearán a dúirt sé tar éis do Ghasóga na hÉireann achainí a dhéanamh ag moladh do dhaoine a d’fhulaing mí-úsáid gnéis agus iad san eagraíocht a theacht chun cinn.

An eagraíocht náisiúnta ag moladh do dhaoine a d'fhulaing agus iad sna gasóga a scéal a inseacht.

Tráthnóna chuir an eagraíocht náisiúnta Scouting Ireland fáilte roimh an gcúiseamh agus ciontú. Dúirt siad go raibh siad go mór in aiféala faoi aon pháiste a d'fhulaing íde agus iad i mbun gasógaíochta. Mhol siad an té a d'fhulaing agus a tháinig slán agus d'ímpigh siad ar aon duine a d'fhulaing mar é a ghabhail ag na Gardaí.