skip to main content

Banc ollmhór na hEilvéis ag séanadh aon ní as bealach, agus páipéir nuachta go domhanda ag foilsiú na mílte cuntas bainc

Na mílte cuntas bainc le lucht sárú cearta daoine le 80 bliain anuas foilsithe ag meáin idirnáisiúnta
Na mílte cuntas bainc le lucht sárú cearta daoine le 80 bliain anuas foilsithe ag meáin idirnáisiúnta

Tá an banc ollmhór idirnáisiúnta de chuid na hEilvéise Credit Suisse "ag séanadh go láidir" go ndearna siad aon ní as bealach, agus na scórtha áisíneacht meán tar éis obair i gcomhar le chéile le sonraí na mílte cuntas bainc a sceitheadh go poiblí, ar nós an fhiosrúcháin agus sceitheadh ollmhór a déanadh sna 'Panama Papers'.

Cathair Bern san Eilvéis, áit a bhfuil ceanncheathrú Credit Suisse

Aon duine amháin a sceith an t-eolas ar na mílte cuntas ó na 1940í go dtí na 2010í leis an nuachtán sa nGearmáin Süddeutsche Zeitung.

Roinn an páipéar sin na sonraí leis an New York Times, an Guardian, Le Monde agus 43 cuideachta eile nuachta go domhanda faoin Togra Tuairisciú ar Choiriúlacht agus Caimiléireacht.

Curtar i leith Credit Suisse go raibh lucht ciapadh cearta daoine, agus lucht gnó faoi smachtbhannaí, i measc a gcuid cliantaí.

Deir an banc go mbaineann an t-ábhar "den chuid is mó leis an am atá caite; le breac-eolas roghnaitheach, míchruinn, tógtha as comhthéacs".

Deir Credit Suisse go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach déanta acu ó thosaigh ceisteanna ag teacht ó áisíneachtaí éagsúla sna meáin 3 seachtaine ó shin. Tá tuairim is 90% de na cuntais atá i gceist dúnta a deir siad, nó á ndúnadh faoi láthair. Bhí 60% de na cuntais iata roimh 2015 a deir an banc.

I gcás cuntas atá reatha go fóill, deir Credit Suisse go bhfuil siad "sásta go bhfuil dícheall cuí agus athbhreithniú agus rialú mar is cóir déanta, a chomhlíonann na rialacháin".

De bharr obair na n-iriseoirí, tá an Rialaitheoir Airgeadais san Eilvéis FINMA i mbun fiosraithe faoi shárú rialachán faoi chúbláil agus sciúradh airgid.