Tá an t-údar, file agus an t-iriseoir Tomás Mac Símóin tar éis bháis.
Bhí sé 84 bliain d'aois.
Rugadh Tomás Mac Síomóin i mBaile Atha Cliath é i 1938.
Céimí de chuid An Choláiste Ollscoile BhÁC agus iarchéímí de chuid Ollscoil Chornell i Nua Eabhrac a bhí ann.
Tá cnuasaigh filíochta, gearrscéalta agus úrscéalta scriofa aige chomh maith le aistriúcháin ón Spáinnis déanta aige ar shaothair mhóra as an gCatalóin agus as Meiriceá Láir.
Bhuaigh sé duaiseanna liteartha an Oireachtais faoi dhó.
Bhí sé ina eagarthóir ar an nuachtán Anois sna nóchaidí agus ar an irisleabhar Comhar ó 1988 go dtí 1995.
Chaith Tomás Mac Síómáin seal ina thaighdeoir eolaíochta agus ina léachtóir ollscolaíochta i mBleá Cliath sular thugh sé an Chatalóin in oirthear na Spáinne air féin.
Bhí sé á chur faoi ansiúd le 25 bhliana.
Ba mhinic é ina thráchtaire agus ina thuairisceoir ar chúrsaí na Spáinne agus na Catalóine ar na meáin Ghaeilge, idir clóite agus craolta.