skip to main content

Cás na hÚcráine á phlé ag Ceannairí an Aontais Eorpaigh lsa Bhruiséil

Cás na hÚcráine á phlé ag Ceannairí an Aontais Eorpaigh lsa Bhruiséil
Cás na hÚcráine á phlé ag Ceannairí an Aontais Eorpaigh lsa Bhruiséil

Deir na Stáit Aontaithe go bhfuil an chosúlacht ar chúrsaí go bhfuiltear ar tí dul i mbun cogaidh i ndiaidh gur scaoileadh sliogáin leis an Úcráin.

Tá impí déanta ag na Náisiúin Aontaithe ar gach taobh in oirthear na hÚcráine guaim a choinneáil orthu féin agus sós cógaidh sáraithe faoi chomhaontú Minsk.

Dúirt Uachtarán Mheirceá Joe Biden go bhfuil gach cosúltacht ar an scéal anois go bhfuil sé i gceist ag an Rúis dul isteach san Úcráin.

Tá cás na hÚcráine á phlé ag ceannairí an Aontais Eorpaigh ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil inniu. Pléifear an ghéarchéim ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe chomh maith.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise, Sergei Lavrov go gcuirfidh Moscó a fhreagra maidir le geallúintí slándála go dtí na Stáit Aontaithe inniu agus go bhfoilseofar an litir sin go poiblí.

Tá sé curtha i leith scarúnaithe a bhfuil tacaíocht na Rúise acu ag Arm na hÚcráine gur scaoil siad sliogáin leo. Bhí sé curtha i leith Rialtas na hÚcráine ag scarúnaithe roimhe seo gur thosaigh siadsan ag scaoileadh lena gcuid tailte.

Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Rúise Dmytro Kuleba go raibh comhaonaithe maidir le sós cogaidh sáraithe ag an Rúis.

Bhí an Taoiseach Micheál Martin i láthair le ceannairí eile an Aontais Eorpaigh inniu do chruinniú mullaigh sa Bhruiséil faoi ghéarchéim na hÚcráine.