Tuairiscítear óna Stáit Aontaithe go bhfuil socrú déanta idir Prionsa na Breataine, Andrew agus Virginia Giuffre agus nach gcaithfear anois dul i muinín na cúirte.
Bhí mí-úsáid ghnéis curtha i leith an phrionsa ag Virginia Giuffre, agus í le cás síbhialta a thabhairt ina choinne i gCúirt Dúiche sna Stáit Aontaithe
Ach deirtear go dtángthas ar shocrú lasmuigh den chúirt eatarthu agus go dtabharfaidh dlíodóirí ón dá thaobh le fios as seo go ceann 30 lá nach ngabhfar ar aghaidh leis an gcás.
De réir na gcáipéisí cúirte, tá sé i gceist ag Andrew síntiús substaintiúil airgid a thabhairt do chumann carthanachta le Virginia Giuffre a thacaíonn le cearta íospartach.
Tuigtear gur gheall Andrew freisin go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid,Jeffrey Epstein;go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.