Níl aon réiteach fós ar an aighneas faoi chrann cumarsáide atá tógtha in Inse, Co Chiarraí.
Tá lucht agóide ag cur bac ar oibrithe an crann - atá 20 méadar ar airde – a chríochnú agus iad ag éileamh go n-aistreofaí é toisc go bhfuil sé róchóngarach do thigh cónaithe.
Inniu, bhuail ionadaithe ón gcomhlacht Towercom leis an dteaghlach atá i gceist agus le Teachtaí Dála.
Tá cead pleanála ag an gcrann a chuirfidh feabhas ar chlúdach gutháin sa cheantar ach deir muintir Fhoghlú go bhfuil sé i ngiorracht 20 méadar dá dtigh cónaithe.
Deir lucht agóide atá ag tacú leis an gclann ná ceadóidh siad aon obair eile ar an suíomh agus go gcaithfear an crann a aistriú go dtí láthair éigin eile. Tá an agóid sa tsiúl le 52 lá anois.

Ar maidin, bhuail ionadaithe ó Towercom le muintir Fhoghlú agus d'fhreastail ceathrar Teachtaí Dála ar an gcruinniú chomh maith.
Orthusan, bhí an tAire Norma Foley, Fianna Fáil; Brendan Griffin, Fine Gael; Michael Healy Rae, Neamhspleách; agus Pa Daly, Sinn Féin.
Dúirt Máire Ní Riain ó Inse go raibh cruinniú fónta ann agus go bhfuair an teaghlach agus na polaiteoirí éisteacht mhaith agus go n-éirigh leo a míshástacht agus a mbuairt a chur in iúl do Towercom.
I ráiteas tráthnóna, dúirt Towercom go dtug an cruinniú deis dóibh mianta agus gearánta an teaghlaigh agus an phobail a chlos agus go gcuirfear an méid a dúradh san áireamh in athbhreithniú a dhéanfar ar an dtogra in Inse.
Mar fhreagra ar cheist ó Nuacht RTÉ, áfach, dúirt an comhlacht ná raibh aon ní le rá acu ag an dtráth so féna bhfuil beartaithe don gcrann.
Deir lucht agóide go gcuirfidh siad stop le hobair fheistithe atá le déanamh ag Towercom agus go bhfuil 10,000 ainm curtha le hachainí ina choinne.