skip to main content

IarTheachta Dála, Aire Stáit Noel Treacy tar éis bháis

An t-iarTheachta Dála Noel Treacy (Pic: RollingNews.ie)
An t-iarTheachta Dála Noel Treacy (Pic: RollingNews.ie)

Tá iarTheachta Dála Fhianna Fáil do Ghaillimh Thoir Noel Treacy tar éis bháis in aois a 70 bliain.

Bhí sé ina Aire Stáit i ranna éagsúla idir 1987 agus 2007,

B'as Béal Átha na Sluaighe Noel Treacy a bhí ina bhall d'Fhianna Fáil ó 1969.

Toghadh é don Dáil den chéad uair i 1982, tráth a fuair sé an líon is mó vótaí i bhfothoghchán.

Toghadh é i ngach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sé as an bpolaitíocht ar chúinsí sláinte in 2011.

Bhí suim mhór aige i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhí sé ar Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin ar an 6 Iúil 1997 le tacú le muintir na háite a bhí ag cur in aghaidh pharáid bhliantúil an Oird Oráistigh sa cheantar.

Cháin sé póilíní an RUC faoi chosc a chuir ar áitritheoirí filleadh ar a dtithe cónaithe tar éis Aifrinn chun slí a dhéanamh do lucht máirseála.

Bhí sé ina thromfháscadh i gceantair náisiúnacha ó thuaidh ar feadh beagnach seachtain dá bharr agus níor ceadaíodh don Ord Oráisteach máirséail ar Bhóthar Gharbhachaidh riamh arís ina dhiaidh sin.

Chaith Noel Treacy seal chomh maith ina chathaoirleach ar bhord Chumann Lúthchleas Gael na Gaillimhe.

Maireann a bhean chéile Mary, a gclann agus a clann a gclainne.