skip to main content

Príosún ocht mbliana gearrtha ar fhear faoi eachtra lámhaigh

Stephen Dowling
Stephen Dowling

I gcúirt i Leitir Ceanainn, gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar fhear 25 bliain d'aois as Ceatharlach faoi eachtra a tharla sna Gleanntaí i gCo Dhún na nGall dhá bhliain ó shin.

Ar an 22 Feabhra 2020, scaoil Stephen Dowling naoi n-urchar as raidhfil ardchumhachta le Gardaí, tithe agus gluaisteán sa sráidbhaile.

Sa triail an tseachtain seo chuaigh thart, phléadáil Stephen Dowling ciontach in aon chúis déag a bhain leis an eachtra a mhair uair an chloig agus a scanraigh an t-anam as an phobal agus Gardaí áitiúla sna Gleanntaí.

Bhí Stephen Dowling i ndiaidh a bheith ag fiasheilg sa cheantar in éineacht lena uncail agus a chol ceathrair, agus an oíche sin d’ól sé cuid mhór deochanna meisciúla agus ghlac sé leathghram cócaoin.

Nuair a diúltaíodh cead isteach i dteach tábhairne dó, chuaigh sé ar ais chuig a lóistín agus fuair sé raidhfil ardchumhachta den déanamh Tikka T3X.

Scaoil sé le trí theach agus chuaigh ceann de na hurchair trí shuíochán gluaisteáin a bhí páirceáilte sa tsráid.

Nuair a thug Gardaí iarraidh Stephen Dowling a cheansú, scaoil sé leosan fosta agus chuaigh urchar i ngiorracht cupla orlach do dhuine acu.

D’éirigh leo é a cheansú sa deireadh agus níor gortaíodh aon duine.

Agus é ag gearradh pionóis ar Stephen Dowling inniu, chuir an Breitheamh John Aylmer san áireamh na himthosca maolaitheacha a dúirt sé a bhain leis an chás.

Chuir an breitheamh san áireamh gur phleadáil an cosantóir ciontach láithreach, gur chomhoibrigh sé leis na Gardaí agus gur ghabh sé leithscéal sa triail leis na Gardaí agus leis an phobal áitiúil sna Gleanntaí faoina iompar.

Ghearr an breitheamh téarma príosúin ocht mbliana san iomlán ar Stephen Dowling as gunna a bheith ina sheilbh aige agus é ar intinn aige beatha a chur i mbaol nó damáiste mór a dhéanamh do mhaoin; as arm contúirteach - scian sealgaire - a bheith ina sheilbh aige; agus as damáiste coiriúil a dhéanamh.

Nuair a bhí deireadh leis an éisteacht, dúirt Brendan O'Connor ó Chumann Ionadaíochta an Gharda Síochána go raibh an t-ádh dearg ar na Gardaí a bhí ar an láthair an oíche sin nár maraíodh iad, gan trácht ar na sibhialtaigh a bhí i nguais mhór chomh maith.

Mhaígh sé gur tharraing an Cumann aird go minic roimhe seo ar an easpa tacaíochta armtha atá ag Gardaí le linn eachtraí mar seo agus d’iarr sé athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar chóras sábháilteachta na nGardaí.