skip to main content

Baol go gcuirfidh aighneas tionsclaíoch isteach ar obair iascairí

Aighneas tionsclaíoch i gcalafoirt iascaigh
Aighneas tionsclaíoch i gcalafoirt iascaigh

D'fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar lastaí éisc agus sliogéisc a thabhairt i dtír i bpríomhchalafoirt iascaigh an Stáit as seo go ceann roinnt laethanta.

Tá oifigigh san Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara i mbun gníomhaíochta tionsclaíche dhá lá, inniu agus amárach, agus iad ag cur in éadan athruithe ar choinníollacha oibre na n-oifigeach i sé chalafort iascaigh.

Deir an ceardchumann Unite go bhféadfadh sé go rachadh a gcuid ball i muinín na gníomhaíochta tionsclaíche arís san am atá le teacht má chuireann an tÚdarás athruithe ar choinníollacha oibre i bhfeidhm gan toil na n-oibrithe.

110 Oifigeach Cosanta Iascaigh ón Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara ar baill iad den cheardchumann Unite atá páirteach sa ghníomhaíocht thionsclaíoch seo.

Is iad a dhéanann cigireacht ar lastaí éisc agus a cheadaíonn teastais sábháilteachta bia ag na calafoirt iascaigh.

Mar gheall ar an ghníomhaíocht thionsclaíoch, ámh, ní bheidh oifigigh i láthair le seiceáil a dhéanamh ar lastaí éisc a bheirfear i dtír go dtí uair an mheán oíche san oíche amárach.

Is iad na Cealla Beaga, Ros an Mhíl, an Daingean, Baile Chaisleáin Bhéarra, an Dún Mór agus Binn Éadair na calafoirt atá i gceist.

Deir an ceardchumann Unite gurb é diúltú an Údaráis um Chosaint Iascaigh Mhara dul i gcomhairle leis an fhoireann faoi athruithe ar chleachtais agus ar dhálaí oibre is cúis leis an ghníomhaíocht thionsclaíoch.

Deir siad gur loic an próiseas eadrána bliain go leith ó shin nuair a d'fhógair an tÚdarás go gcaithfí toradh an phróisis a chur i gcead na Roinne Caiteachais Poiblí.

Deir an tÚdarás go bhfuil siad ag iarraidh a chinntiú nach gcuirfidh an agóid as do thionscal na hiascaireachta agus go bhfuil daoine curtha ar fáil acu le freastal ar éigeandálacha a bhaineann le lastaí a chur i dtír agus le teastais shábháilteachta bia a eisiúint.

Seo an dara huair le seachtain ag na hoifigigh dul i mbun gníomhaíochta tionsclaíche.