Tá éileamh déanta ar an Rialtas go dtógfaí cé nua ar an mBlascaod Mór ar bhonn práinne.

Deir Fondúireacht an Bhlascaoid go bhfuil géarghá le cé nua ar an oileán d'fhonn sábháilteacht na gcuairteorí a chinntiú.

Deir lucht cosanta timpeallachta, áfach, go bhféadfadh drochthionchar a bheith ag a leithéid d'fhorbairt ar fhiadhúlra an oileáin.

Tugann breis agus 10,000 duine turas ar an mBlascaod Mór gach bliain. De bharr éadoimhneas an uisce le cois an ché istigh, caitear paisinéirí a aistriú ós na báid farantóireachta agus iad a chur i dtír i mbáidíní beaga.

Deir Pádraig Firtéar, cathaoirleach Fhondúireacht an Bhlascaoid, go bhfuil Corca Dhuibhne ag brath go mór ar thurasóireacht agus gur náireach an scéal é nach bhfuil áiseanna cuí san oileán chun freastal ar an éileamh atá ar an áit.

Paisinéirí á gcur i dtír sa Bhlascaod Mór

Deir Donncha Ó Céilleachair, úinéir tí agus feirmeoir caorach san oileán, go mbíonn sé fíordheacair cothabháil a dhéanamh ar thithe agus cúram a dhéanamh do chaoirigh ar an oileán de dheasca dhrochstaid an ché.

Mar sin féin, deir Greg Ó Cathasaigh ón eagraíocht An Taisce gur Limistéar Faoi Chosaint Speisialta an t-oileán, maraon leis an bhfarraige ina thimpeall, agus tá cosaint bhreise ag an oileán fé ghréasán Natura 2000 an Aontais Eorpaigh.

Tá imní léirithe ag An Taisce faoin ndíobháil a d’fhéadfadh an obair thógála a dhéanamh d'éanlaithe, róinte agus fiadhúlra eile, maraon leis ndlús breise cuairteoirí a leanadh a leithéid d’fhorbairt.

In 2002, bhí €8.5 milliún luaite le cé nua ar an oileán, maraon le feabhas a chur ar ché Dhún Chaoin ar an míntír, ach ar chúiseanna éagsúla, aighneas pleanála san áireamh, fágadh an togra san i ndraipisí.

Ar iarratas ón dTeachta Dála Brendan Griffin, dúirt an tAire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí Patrick O’Donovan go dtabharfadh sé turas ar an mBlascaod go luath san Aibreán chun an cé a scrúdú.