Tá an t-amhránaí iomráiteach Meat Loaf básaithe. Bhí sé 74 bliain d'aois.
I ráiteas a eisíodh ar ball, dúradh go bhfuil "a theaghlach croíbhriste mar gheall ar a bhás. Bhí a bhean chéile, Deborah, agus a bheirt iníonacha, Pearl agus Amanda, ag colbha na leapa aige nuair a d'imigh sé ar shlí na fírinne."
Dhíol Meatloaf 100 milliún albam le linn a ghairme agus bhí sé gníomhach thar thréimhse seasca bliain. Ghlac sé páirt i mbreis agus 65 scannán,Fight Club, Focus, Rocky Horror Picture Show agus Wayne's World ina measc.
Tá Bat Out of Hell (1977) fós i measc na ndeich albam is mó ar díoladh cóip díobh riamh.
"Is mór dúinn an tacaíocht agus an grá atá léirithe ag a lucht leanúna", a dúradh sa ráiteas. "Tá amhránaí inspioráideach agus ardfhear dóighiúil caillte againn.
"Ná stadaigí den racáil!"