skip to main content

Karen Weekes leathbealaigh trasna an Atlantaigh mhóir

Karen Weekes leathbealaigh trasna an Atlantaigh mhóir
Karen Weekes leathbealaigh trasna an Atlantaigh mhóir

Tá leathbealaigh ina turas trasatlantach bainteach amach ag bean Éireannach ina h-iarracht rámhaíochta agus í ag saothrú léi ina h-aonar.

Ar an 7ú Nollag 2021 a d'fhág Karen Weekes na hOileáin Chanáracha ag cur tús lena h-aistir d'os cionn 2,500 muirmhíle farraige.

Bean chróga i lár an Atlantaigh

Tá sé mar sprioc aici a bheith ar an gcéad bhean Éireannach riamh a thrasnódh an tAigéan Atlantach ag ramhaíocht gan cúnamh agus go haonarach.

Is leachtóir in Ollscoil Teicneolaíochta na Mumhan Karen Weekes agus taithí na mblianta aice ar dhúshláin spóirt.

Ach is í seo an chéad uair aici tabhairt faoina leithéid do mhór-dhúshlán rámhaíochta.

Dúirt sí gur theastaigh uaithi an dúshlán a dhéanamh chun breis cailíní agus mná a mhealladh chun tabhairt faoi imeachtaí spóirt dúshlánacha.

Chomh maith leis sin tá sí ag bailiú airgid don RNLI agus do fhundúracht Laura Lynn.

Tá súil ag Karen ceann scríbe a bhaint amach roimh dheireadh na míosa seo chugainn.