Tá iar-Eagarthóir RTÉ san Iarthar,Jim Fahy adhlactha inniu ina chontae dúchais,Gaillimh.

Bhásaigh Jim Fahy Dé hAoine seo caite.

Bhí sé 75 bliain d'aois.

Chaith Jim Fahy cuid mhaith dá shaol oibre ag saothrú don chraoltóir náisiúnta idir theilifís agus raidió.

An slua ag bailiú isteach san Ardeaglais i dTuaim ar maidin

Bhíodh a ghlór le cloisteáil go minic agus scéalta móra nuachta á gcraoladh ó iarthar na tíre, agus bhí sé breá ábalta freisin an Ghaeilge a úsáid i mbun a ghairme.

Bhí sé mar chomhfhreagraí ag RTÉ san iarthar, agus ansin i 2005 bronnadh post air mar eagarthóir an chraoltóra sa réigiún sin.

D'éirigh sé as a chuid oibre le RTÉ i 2011.

B'as ceantar Bhaile Locha Riach do Jim Fahy ó dhúchas, ach bhí cónaí air i gceantar Thuama le roinnt mhaith blianta.

In Ard-Eaglais na Deastógála i dTuaim a bhí Aifreann na Sochraide ag a 12 Meán lae.

In aitheasc a thug an tAthair Pat Farragher, dúirt sé go raibh an bua ag Jim Fahy teachtaireacht shoiléir na ndaoine a léiriú i bpé scéal a bhí le hinsint aige agus go ndearna sé sin ar bhealach beacht gairmiúil.

'Fathach i measc iriseoirí a bhí ann' a dúirt sé.

Jim Fahy go hard sa spéir i mbun na craoltóireachta

Maireann bean Jim Fahy, Christina, mac, iníon agus garchlann.