Beidh a gcéad chruinniú anocht ag rúnaí gnóthaí eachtracha na Breataine Liz Truss agus príomh-idirghabhálaí an Aontais Eorpaigh Maroš Šefčovič le ceist chonspóideach Prótacal an Tuaiscirt a phlé.

Tiocfaidh an bheirt le chéile anocht in Chevening House, Kent, mar a gcaithfidh siad béile, agus beidh tuilleadh cainteanna amárach ag an dá thaobh faoin gceist.

Is í Liz Truss príomhionadaí na Breataine maidir leis an bPrótacal ó d'éirigh a réamtheachtaí David Frost as an bpost an mhí seo caite.

Tuairíscítear go mbeidh cur chuige níos suáilcí ag Liz Truss ná mar a bhí ag David Frost agus, ina fhianaise sin, go bhfuil an tAontas Eorpach níos dóchasaí go ndéanfar dul chun cinn.

Mar sin féin, tá sé tugtha le fios ag Liz Truss go bhféadfadh sí Airteagal 16 den Phrótacal a chur i ngníomh mura nglacfaidh an tAontas le leasuithe ar an bPrótacal atá á moladh ag an mBreatain.

De réir Airteagal 16, is féidir le ceachtar den dá thaobh gníomh aontaobhach a thionscnamh má chreideann siad go bhfuil an Prótacal ag cothú fadhbanna móra praiticiúla dóibh.

Tuigtear go mbeadh Liz Truss ar dhuine de na hiarrthóirí le teacht i gcomharbacht ar Boris Johnson mar Phríomh-Aire dá n-éireodh sé as.