Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 20,909 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.
1,055 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, sin seachtar níos lú ná inné. Tá 92 othar Covid in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.
Cuireadh in iúl chomh maith gur bhásaigh 83 duine le Covid-19 le seachtain. Fágann sin gur 6,035 duine a bhásaigh leis an ngalar sa Stát ó earrach na bliana 2020.
Thug an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le fios gur cosúil go bhfuil an bhuaic bainte amach ag an ráig seo den ghalar, más cruinnn an samhaltú atá déanta acu.
Fógraíodh níos túisce inniu beirt eile le Covid-19 a bheith básaithe sa Tuaisceart ó inné agus 2,922 cás nua den ghalar a bheith ann ann.
Tá 3,017 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.
439 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, de ghualainn 440 inné Tá 29 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.