skip to main content

Tugann Uachtarán na hÉireann ugach do phobal na tíre ár dteanga a úsáid anois agus lánstádas ag an nGaeilge san Aontas Eorpach

Lánstádas ag an nGaeilge in institiúidí na hEorpa ó mheánoíche aréir ar aghaidh. Thréaslaigh an tUachtarán Ó hUigínn a n-éacht leo siúd a shaothraigh lena bhaint amach.
Lánstádas ag an nGaeilge in institiúidí na hEorpa ó mheánoíche aréir ar aghaidh. Thréaslaigh an tUachtarán Ó hUigínn a n-éacht leo siúd a shaothraigh lena bhaint amach.

Cuireadh deireadh ag meánoíche leis an díolúine a bhí i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha. Beidh an Ghaeilge ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh feasta.

Bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn ina measc siúd le fáilte a chur roimh, agus a rinne comhghairdeas leo siúd a rinne an obair leis an éacht seo a bhaint amach. Seo a leanas a ráiteas iomlán.

Uachtarán na hÉireann, Michael D Ó hUigínn

"Ar an ócáid stairiúil speisialta seo déanaim comhghairdeas leo siúd atá ag obair leis an nGaeilge agus trí mheán na Gaeilge san Aontas Eorpach agus sa bhaile.

Is lá suntasach atá ann inniu don teanga, agus lánstádas á bhaint amach aici san Aontas Eorpach agus deireadh tagtha le maolú na Gaeilge. Is aitheantas tábhachtach ar an leibhéal náisiúnta dár bhféiniúlacht ar leith mar phobal atá sa lánstádas sin, agus teanga ar leith againn a mbainimid úsáid as taobh leis na teangacha eile a mbainimid úsáid astu agus a bhfuil meas againn orthu.

Cuireann sé ár dteanga ar chomhchéim leo siúd de bhunaitheoirí an Aontais, agus leis na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas sna blianta ó shin. Is éacht shuntasach atá ann agus beidh sásamh le baint ag daoine go leor as fios a bheith acu go mbeidh an Ghaeilge in úsáid gach lá san Aontas Eorpach.

Cé go mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san AE, ní mór dúinn an deis a thapú agus freagracht a ghlacadh lena chinntiú go bhfuil ciall léi inár saol féin. I gcroílár gnóthaí laethúla na hEorpa; i gcroílár an tsaoil sa Bhaile.

Chomh maith le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), a chuir mé faoi mo lámh go gairid roimh an Nollaig, impím ar dhaoine ar fud na hÉireann an deis seo a thapú a gcaidreamh féin leis an teanga a athnuachan, teanga ar cuid ríthábhachtach dár n-oidhreacht í.

Cinnte, ní mór dúinn teangacha ár gcairde san Eoraip a fhoghlaim agus a mhéad dá dteangacha agus is féidir a úsáid, ach tá suntas ollmhór ag baint le húsáid ár dteanga féin. Tá ár gcuid féin déanta den Bhéarla againn, agus táimid bródúil as an gceathrar buaiteoirí Nobel na Litríochta sa teanga sin, ach anois tá uirlis bhreise teangeolaíochta againn i gcomhair ár machnaimh agus ár malartuithe.

Glacaim go cáiréiseach leis an iliomad cúiseanna nach n-airíonn daoine i gcónaí aon cheangal láidir leis an teanga, lena n-áirítear an taithí éagsúil a bhí ag daoine sa chóras oideachais sna blianta atá caite. É sin ráite, molaim gurb é anois an t-am le hiarracht mhór amháin a dhéanamh ar son na teanga.

Nuair a bhí Teilifís na Gaeilge ar tí teacht ar an aer, dúirt mé "tabhair seans eile don Ghaeilge" .

Anois táim ag rá gur cheart dúinn an chúthaileacht, na leiscéalta agus an leisce a chaitheamh uainn agus an teanga á húsáid go laethúil ar an leibhéal céanna le teangacha eile san Aontas Eorpach, déanaimis rún áit a thabhairt di inár saol laethúil sa bhaile – i lár an aonaigh, inár ngnáthchaint.

Is deis atá sa lá inniu, nuair atá an Ghaeilge ag dul i bpáirt leis an iliomad eile le lánstádas san Aontas Eorpach. Ach, is fúinn féin é an deis nua seo a thapú agus a chinntiú gur mór againn an teanga.

Ní hamháin go bhfuil freagracht orainn sa bhliain atá romhainn ach deis iontach againn a chinntiú go bhfuil ár dteanga dhúchais ar fáil ag na glúnta le teacht agus meas acu uirthi.

Is cuid dínn féin í an Ghaeilge. Tapaímis an deis í a chuimsiú inár saol go léir. Tá an óige ag taispeáint nach ualach diúltaithe ná eisiata í. Is féidir le gach glúin a bheith páirteach inár bhféiniúlachtaí iomadúla roinnte Éireannacha, Eorpacha agus dhomhanda.

Tógaimis ar a bhfuil againn agus bíodh an bhliain 2022 ina bhliain a ndéantar iarracht mhór ar son na teanga agus a dtugtar an t-ómós is cóir do gach teanga ar domhain."

Bothán aistriúcháin Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséal

Ar an 1 Eanáir 2007 a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge ach bhí socrú maolaithe i bhfeidhm ó shin i leith, mar gheall ar an nganntanas foirne aistriúcháin, a chuir srian ar an méid ábhair a haistríodh go Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gur céim ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge, deireadh a bheith tagtha leis an maolú ar stádas na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge anois ar comhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE agus go ndaingeoidh sé an caidreamh idir an saoránach agus na córais riaracháin Eorpacha.

In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór a dúirt an tAire Chambers.