skip to main content

Cuirfear deireadh ag meánoíche leis an maolú a bhí i bhfeidhm ar stádas na Gaeilge sna hInstitiúidí Eorpacha.

Aitheantas agus stádas gan srian, cothrom le gach teanga oifigiúil eile, ag an nGaeilge san Aontas Eorpach ó mheánoíche anocht

Beidh an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh feasta.

Bothán aistriúcháin na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséal

Is ar an 1ú Eanáir 2007 a tugadh stádas oifigiúil agus oibre don Ghaeilge ach bhí socrú maolaithe i bhfeidhm ó shin i leith, mar gheall ar an nganntanas foirne aistriúcháin, a chuir srian ar an méid ábhair a haistríodh go Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers gur céim ríthábhachtach do thodhchaí na Gaeilge, deireadh a bheith tagtha leis an maolú ar stádas na Gaeilge.

Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chamber, TD

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge anois ar chomhchéim le teangacha oifigiúla eile an AE agus go ndaingeoidh sé an caidreamh idir an saoránach agus na córais riaracháin Eorpacha.

In éineacht le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, a shínigh Uachtarán na hÉireann an tseachtain seo caite, tá ról na Gaeilge sna córais riaracháin náisiúnta agus Eorpacha treisithe go mór a dúirt an tAire Chambers.