Tá an file mór le rá Thomas Kinsella tar éis bháis. Bhí sé 93 bliain d'aois.
In Inse Chór i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1928 a rugadh Thomas Kinsella.
Rinne sé céim eolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus chaith sé seal ina státseirbhíseach sular thug sé faoin léann agus faoin scríbhneoireacht go lánaimseartha.
Bhí sé ina fhile cónaitheach in Ollscoil Illinois sna Stáit Aontaithe agus ina dhiaidh sin ceapadh in Ollamh Béarla é in Ollscoil Temple, Philadelphia.
Tá cáil ar a leagan Béarla de Táin Bó Cúailnge a foilsíodh i 1969 agus a bhfuil léaráidí cuidsúlacha leis an ealaíontóir Louis le Brocquy ina gcomhchuid de.
Scríobh Thomas Kinsella an dán Butcher’s Dozen tar éis Dhomhnach na Fola i nDoire i 1972. Chomh maith leis an sléacht féin, ba é tuarascáil Widgery a spreag é lena chuid feirge a chur in iúl sa dán. "Mórmhasla" a thug sé ar an tuarascáil sin.

I 1981, foilsíodh An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, cnuasach a chuir sé féin agus Seán Ó Tuama in eagar agus a bhfuil ráchairt air i gcónaí.
Chuir sé bailchríoch ar a leagan Béarla de Chúirt an Mheán Oíche in The New Oxford Book of Irish Verse i 1986, teaglaim eile a chuir sé in eagar.
Bhí cuid dá dhuanta féin ar chúrsa na hArdteistiméireachta ar feadh na mblianta.
Bronnadh an draoi gradam ar Thomas Kinsella i rith a mharthana, dochtúireachtaí oinigh agus Saoirse Bhaile Átha Cliath in 2007 ina measc.
Tá comhbhrón déanta ag Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins le muintir agus gaolta an Chinnsealaigh.
Dúirt an tAire Ealaíon Catherine Martin gur méala a bhás agus gur dhuine de mhórfhílí na hÉireann a bhí ann.
Cuirfear na bratacha ag Teach an Ardmhéara agus ag Halla na Cathrach i mBaile Atha Cliath i lár crainn in ómós Thomas Kinsella.
D'éag a bhean chéile Eleanor roimhe agus maireann a dtriúr clainne agus a gclann siúd.