Dhearbhaigh an Roinn Sláinte tráthnóna gur taifeadadh 6,307 cás nua den ghalar Covid-19 sa Stát ó inné.
429 duine le Covid-19 atá in ospidéil ar fud na tíre inniu, i gconchlann le 443 inné. Tá 100 acu in aonaid dianchúraim, sin beirt níos lú ná inné.
Fógraíodh inniu fosta go bhfuil triúr eile le Covid-19 básaithe sa Tuaisceart agus go bhfuil 3,231 cás nua den ghalar ann.
Tá 2,958 duine le Covid-19 básaithe ó thuaidh ó thús na paindéime.
261 othar le Covid-19 atá in ospidéil sa Tuaisceart inniu, le hais 268 inné. Tá 34 acu in aonaid dianchúraim, mar a bhí inné.