Tá fáilte áirithe curtha ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill roimh achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla tar éis d'Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins a lámh a chur leis inniu.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill gurb é "cur i bhfeidhm an Achta ina iomláine an rud is tábhachtaí anois."
De réir an Achta, beidh ceangal dlí ar fhorais éagsúla Stáit seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil feasta choíche.
Ceann de phríomhfhorálacha an Achta is ea gur daoine atá inniúil sa Ghaeilge a bheas i 20% d'earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís faoin mbliain 2030.
I ráiteas, thug an Coimisinéir Teanga le fios cé bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh cearta teanga de i bhfianaise achtú na reachtaíochta gur "gá don Stát gníomhú ar bhealach praiticúil agus réamhghníomhach anois chun feidhm a thabhairt don chuspóir soiléir" maidir le hearcaigh nua sa tseirbhís phoiblí.
Bunófar coiste speisialta chun an fhoráil seo a chur i gcrích agus dúirt Rónán Ó Domhnaill gur "léir go mbeidh go leor ag brath ar obair an [choiste seo] ... agus ar an bPlean Náisiúnta do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge, a mbeidh feidhm reachtúil aige ... ."
Tharraing an Dálach aird chomh maith ar an tábhacht a bhaineann le spriocdháta a leagan síos "faoina mbeidh chuile sheirbhís Stáit sa Ghaeltacht ar fáil as Gaeilge."
De réir an Achta, ordaítear raon leathan seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do dhaoine a iarrann iad - sa Ghaeltacht nó in aon áit eile - bídís aghaidh ar aghadh nó digiteach, i gcló labhartha nó scríofa.
Tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú freisin gur i nGaeilge a bheas sciar áirithe den phoiblíocht a chuirfeas siad amach feasta.
Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl go mbeidh a Oifig ag cur comhairle ar an bpobal faoi na cearta breise teanga atá acu anois.
Cuirfear comhairle chomh maith ar chomhlachtaí poiblí chomh maith mar lena ndualgais reachtúla nua.
"Is in imeacht ama a thiocfaidh na forálacha i bhfeidhm ach ba cheart tosú tabhairt faoin obair sin chomh luath agus is féidir," a dúirt an Coimisinéir Teanga.
An foláireamh céanna a thug Conradh na Gaeilge agus fáilte á cur ag an eagraíocht roimh achtú an bhille.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn "go mbeidh brú leanúnach ag teastáil" le cinntiú go gcuirfear an Plean Náisiúnta agus forálacha an Achta i bhfeidhm ina n-iomláine.