Tá brú ag méadú ar Boris Johnson mar Phríomhaire na Breataine agus suíochán pairliminte caillte ag an pháirtí Caomhach i bhfothoghchán. Idir an dá linn tá líon na gcásanna de Covid-19 sa Ríocht Aontaithe ag fás ag go tréan.
Buille mór do Boris Johnson agus buille mór don Pháirtí Caomhach a bhí i dtoradh an fhothoghcháin i ndáilcheantar Shropshire Thuaidh i Sasana luath ar maidin.
D'éirigh leis an Daonlathaithe Liobrálacha an suíochán a thógáil suíochán a bhuaigh an Páirtí Caomhach dhá bhliain ó shin le móramh 23,000 míle vóta i dtoradh a chreideann go leor a bhí ina vóta agóide i gcoinne Bhoris Johnson.
Bhí an lá le Helen Morgan os na Daonlathaithe Liobarálacha agus 6,000 vóta le spáráil aici ar a céile comhraic ón bPáirtí Caomhach.
Tá cúrsaí achrannach go leor don Phríomhaire Boris Johnson le mí anuas go háirithe ó tháinig sé chun solais go raibh cóisirí ar bun i Sráid Downing an Nollaig seo caite fad is a bhí an tír faoi shrianta diana Covid-19 ag an am.
Tá údarás Phríomhaire na Breataine á cheistiú le seachtainí anuas agus líomhaintí de chaimiléireacht agus tuairiscí gur sháraigh sé fhéin agus a fhoireann srianta Covid aimsir na Nollag anuraidh.
Idir an dá linn chuir Ceannaire an DUP fáilte roimh fhógra an Aontais Eorpaigh gur féidir cógais a sholáthar gan chosc ón Bhreatain Mhór go Tuaisceart Éireann ach dúirt Jeffrey Donaldson nach leor an dul chun cinn sin ar cheist an phrotocáil ina iomláine agus é go fóill ag bagairt éirí as an Fheidhmeannas dá bharr.