Rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine go raibh sé mícheart ag na póilíní sa Tuaisceart gan fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceithre fhear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh leathchéad bliain ó shin.
Imríodh díothú céadfach ar na fir a gabhadh nuair a tugadh isteach imtheorannú sa Tuaisceart i mí Lúnasa 1971.
Cuireadh cochaill orthu agus fágadh iad gan uisce, gan bhia, gan chodladh agus iad á gcoinneáil i mbeairic Bhaile Uí Cheallaigh, Co Dhoire.
Rialaigh an chúirt ar maidin go raibh cinneadh na bpóilíní gan an scéal a fhiosrú bunaithe ar thuarascáil a bhí "fíorlochtach" agus nár chóir aon ghlacadh a bheith leis.
Dúirt Darragh Mackin - duine d'aturnaetha na bhFear Cochall, mar a thugtar orthu uaireanta - gur bua cinniúnach do na fír a bhí i rialú na cúirte.
Mhaígh sé nach raibh sa chéad fhiosrúchán a rinne na póilíní faoin gcás ach cur i gcéill. Ainm fiosrúcháin a bhí ann, a dúirt sé.
Rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i 1978 agus arís in 2018 nach céasadh a bhí sa drochíde a tugadh do na fir.
Malairt tuairime a thug an Chúirt Achomharc i mBéal Feirste a rialaigh in 2019 go raibh sé de cheart céasadh a thabhairt air i dtéarmaí an lae inniu.
Níor ciontaíodh aon saighdiúir riamh as an drochíde.