skip to main content

Socrú cúitimh leo siúd a tháinig slán ó shléacht Miami Showband

Socrú cúitimh leo siúd a tháinig slán ó shléacht Miami Showband
Socrú cúitimh leo siúd a tháinig slán ó shléacht Miami Showband

Tá socrú ó thaobh cúitimh déanta ag Aireacht Cosanta na Breataine agus ag an PSNI - le daoine a tháinig slán as sléacht an Miami Showband agus le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh.

Maraíodh triúr ball den bhanna ceoil i gceann de na hionsaithe ab uafásaí le linn na dtrioblóidí.

Tharla sé sin i mí Iúil na bliana 1975 san Iúr i gCo.an Dúin.

Maraíodh triúr den bhanna ceoil san ionsaí a rinne an UVF ar an mbanna, agus iad ag taisteal ar ais go Baile Átha Cliath ó Dhroichead na Banna.

Bhí muintir an dreama a híonsaíodh ag maíomh i gcónaí go raibh lámh ag na fórsaí slándála freisin san ionsaí.

Beagnach £1.5m i ndamáistí san iomlán atá déanta leo, agus fógraíodh sin san Ard Chúirt i mBéal Feirste inniu.