Ainneoin nach raibh ach fógra buí aimsire luaite leis an stoirm i nDún na nGall aréir, ba chosúla le haimsir "fhlannbhuí" í in amanna.
Bhí an ghaoth chomh láidir sin gur fágadh suas le 16,000 teach agus ionad gnó gan leictreachas in iarthar an chontae - ón Chraoslach go dtí deisceart na Rosann agus baile Dhún na nGall idir 7 a chlog ar maidin agus tamall roimh mheán lae.
Tá tithe agus lucht gnó ag fáil a gcuid aibhléise ar ais ó am lóin i gceantair cois cósta mar Chill Charthaigh, Dhoirí Beaga agus Bhaile na nGallóglach.
Chuir flichshneachta agus sneachta isteach ar chúrsaí taistil ó tharla go raibh an teocht idir dhá chéim agus cheithre chéim.
D'fhág sin bóithre contúirteach - cuid acu sin atá iontach tábhachtach - an príomhbhealach sléibhe ó iarthar an chontae ar chúl an Earagail go Gleann Bheatha agus Leitir Ceanainn, cuir i gcás.
Cuireadh as do thiománaithe ar an bhealach ó na Gleanntaí agus Ard an Rátha trí Ghaeltacht Láir an chontae go Leitir Ceanainn, áit a mbíonn trácht mór oibre, agus an príomhbhealach idir Dún na nGall agus Bealach Féich san áit ar a dtugtar an Bearnas Mór.
Anocht, tá an fógra buí ardaithe go flannbhuí agus rabhadh tugtha don phobal a bheith iontach cúramach.
Deir Met Éireann go mbeidh idir 65 agus 80 ciliméadar san uair faoin ngaoth agus gustaí idir 100 agus 130 ciliméadar san uair in amanna.
De bhrí go mbeidh rabharta ard ann, beidh suaitheadh farraige ann agus tá súil le tuilte ar chóstaí.
Tá rabhadh tugtha go dtiocfadh leis an stoirm cur as do chúrsaí taistil agus do sholáthar cumhachta arís i gcaitheamh na hoíche.
Tá an Chomhairle Contae ag cur málaí gainimh ar fáil do thithe agus ionaid ghnó idir Ailt an Chorráin sna Rosa, Baile Dhún na nGall, Carn Domhnach agus Bun na hAbhann in Inis Eoghain, Ráth Mealtáin i mbéal Loch Súilí agus i nDún Fionnachaidh.
Tá Cumann Tarrthála Sléibhe ag impí ar an phobal gan dul amach sa chnoc ná ar thalamh ard ar bith.
Ta iarrtha ag an Gharda Cósta, ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus na Gardaí ar an phobal fanacht ar shiúl ón chósta, gan tabhairt faoi thurais nach bhfuil géarghá leo. Más gá tiomáint, fiosraítear an bealach roimh ré, a deir siad, agus cuimhnítear go bhféadfadh smionagar agus giotaí de chrainn a bheith leagtha ag an stoirm.
Tá droichead Harry Blaney isteach go leithinis Fhánada dúnta, chomh maith leis an charrchlós in aice leis an ché i mBaile Dhún na nGall agus súil le lán mhara tamall i ndiaidh 8 a chlog anocht.
Deimhníodh fosta go mbeidh ionaid vacsaínithe Covid-19 druidte go dtí 1 a chlog tráthnóna amárach i Leitir Ceanainn agus i mbaile Dhún na nGall.