skip to main content

Cruinnithe idir an Rialtas agus ionadaithe fáilteachais

An Tánaiste Leo Varadkar
An Tánaiste Leo Varadkar

Bhí cainteanna ar bun idir ionadaithe in earnáil an fháilteachais agus an Rialtas i dtaca le srianta Covid-19.

Tá sé i gceist breis srianta a chur i bhfeidhm ar an earnáil sin amárach san iarracht is deireanaí chun dul i ngleic le scaipeadh an víris.

Rannóg an fháilteachais buailte go dona faoi láthair ag Covid-19

Deir an Taoiseach go mbeidh tacaíocht chuimsitheach ar fáil don rannóg fáilteachais agus don dream a chuireann ceolchoirmeacha ar bun.

Tá breis sonraí le fógairt sna laethanta atá romhainn.

I measc an dreama a bhí i láthair ag na cainteanna seo inniu bhí an Tánaiste,Leo Varadkar agus an tAire Ealaíona,Cultúir agus Turasóireachta,Catherine Martin.

Tá sé ráite ag Cónaidhm Bhialanna na hÉireann gur cruinniú tairbheach a bhí ann.