Báthadh 31 duine ar a laghad - imircigh ó thíortha éagsúla - agus iad ag iarraidh dul trasna na farraige idir an Fhrainc agus Sasana inniu.

Tuairiscítear go ndeachaigh an bád ina raibh siad faoi i Muir nIocht amach ó chalafort Calais.

Iascaire a chuir fios ar na húdaráis nuair a chonaic sé coirp ar barr uisce.

Tugadh roinnt daoine ón uisce agus iad fós ina mbeatha agus tá cóir leighis á cur orthu san ospidéal.

Dúirt Príomh-Aire na Fraince Jean Castex gur tragóid a bhí ann agus dúirt gur lucht gáinneála ar dhaoine a bhí freagrach as.

Géarchéim gan réiteach fós is ea líon na n-imirceach as an Domhan Thoir den chuid is mó a fhéachann le teacht chun na Breataine ón bhFrainc i mbáid bheaga gach aon lá.

Áirítear gur éirigh le thart ar 25,000 duine an turas farraige a dhéanamh go dtí seo i mbliana agus go mb'éigean do na seirbhísí éigeandála beagnach 8,000 eile a tharrtháil.

Tá an scéal ina údar mór aighnis idir an Fhrainc agus an Bhreatain. Cuireann an dá thaobh i leith a chéile nach bhfuil siad ag déanamh a ndíchill leis an gceist a fhuascailt.