I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe inniu, phléadáil sagart i nDeoise na Gaillimhe ciontach i gcúis amháin a bhaineann le hionsaí gnéis a dhéanamh ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i dteach paróiste i nGaillimh i lár na nóchaidí.
Sular cuireadh tús lena thriail inniu, phléadáil an tAthair Tom Brady ciontach san ionsaí gnéis a dhéanamh ar an bhuachaill idir 1994 agus 1995.
Bhí an tAthair Tom Brady, atá 65 bliain d’aois agus a bhfuil seoladh aige i gCéide Chluain Earcáin, Órán Mór, Co na Gaillimhe, ina shéiplíneach i gcathair na Gaillimhe nuair a d'ionsaigh sé an t-íospartach atá 40 bliain d’aois anois.
Seo an dara huair a cuireadh Tom Brady ar a thriail. Bhí atriail ordaithe ag an Bhreitheamh Rory McCabe in 2019.
I ndiaidh dó pléadáil ciontach inniu, d’iarr abhcóide an tsagairt, Barry White, go gcuirfí an cás siar go dtí mí Feabhra, tráth a chuirfear achoimre ar an fhianaise agus ráiteas an íospartaigh i láthair na cúirte.