skip to main content

Caingean dlí in aghaidh NUIG caillte ag teaghlach as Maigh Eo

Deartháireacha agus deirféaracha Burke a thug an cás seo in aghaidh NUIG
Deartháireacha agus deirféaracha Burke a thug an cás seo in aghaidh NUIG

Tá ceathrar ón teaghlach céanna tar éis caingean dlí a bhí tugtha acu in aghaidh Ollscoil na hÉireann,Gaillimh a chailleadh.

Bhí sé maíte ag clann Burke as Co.Mhaigh Eo go ndearna an ollscoil leatrom orthu ar bhunús creidimh.

Thug Isaac agus Enoch Burke, i dteannta a ndeirféaracha Kezia agus Ammi an cás i gcoinne na hollscoile, ag rá gur ghníomhaigh NUIG go héagórach ina gcoinne nuair a cuireadh cosc ar an gceathrar a bheith páirteach in aon chumann ar an gcampas i 2014.

Bhí siad uillig ina mbaill de Chumann an Aontais Chríostaí (CUS) a chuireann chun cinn an Chríostaíocht bunaithe ar a bhfuil sna scriptiúir.

Bhíodh cruinnithe agus ócáidí á reachtáil ag an chumann san ollscoil i 2014.

Ach chuir an ollscoil fiosrúchán ar bun nuair a scaip an CUS ábhar a tharraing cuid mhór conspóide.

Bhraith NUIG nach bhfuair sé an comhoibriú cuí ó mhuintir Burke i dtaca leis an bhfiosrúchán agus anuas ar sin go raibh airgead tógtha acu go míchuí ón gcumann.

Ghlac an Breitheamh Raymond Groarke leis go raibh sé de cheart ag NUIG gníomhú mar a rinne sé, cé go raibh an píonós a chuir an ollscoil ar mhuintir Burke 'dian go maith' mar a dúirt sé.

Mar sin níor ghlac an Breitheamh leis go raibh NUIG as bealach ó thaobh an dlí dhe gníomhú mar a rinne sé,agus go raibh sé sásta ina intinn nár ghníomhaigh na Burkes go hionraic i dtaca le fiosrúchán na hollscoile.

Chaith sé amach an caingean dlí agus thaobhaigh sé le rialú na hollscoile.