Tá sé ráite ag Novak Djokovic, an t-imreoir leadóige is fearr ar domhan, go gcaithfidh an pobal leadóige idirnáisiúnta seasamh le chéile chun brú a chur ar an tSín freagraí a chur ar fáil faoin imreoir Peng Shuai.
Ní fhacthas Peng Shuai, atá 35 bliain d'aois, ó rinne sí líomhaintí ar na meáin shóisialta coicís ó shin go ndearna Iar-Leas-Phríomhaire na Síne, Zhang Gaoli, ionsaí gnéis uirthi.
Tá na Náisiúin Aontaithe agus an Teach Bán ag iarraidh ar an tSín cruthúnas a chur ar fáil go bhfuil an réalt leadóige slán sabháilte.
Tá bagairt déanta ag Cumann Leadóige na mBan (WTA) go dtarraingeoidh siad as comórtais sa tSín agus tá Cumann Leadóige na bhFear (ATP) ag lorg soiléiriú ó na húdaráis sa tSín.
Thug Novak Djokovic le fios inniu go dtacaíonn sé 100% le bagairt an WTA.
"Is scéal millteanach é seo", a sé. "Bheadh sé an-aisteach ar fad dá n-imreofaí comórtais mhóra leadóige sa tSín gan réiteach a bheith faighte ar an gceist seo."